Written answers

Wednesday, 18 April 2018

Department of An Taoiseach

Cúrsaí Gaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

19. To ask the Taoiseach cén fáth nach bhfuil an Phríomh-Oifig Staidrimh, a thugann faisnéis maidir le roghnú céadainmneacha cláraithe gasúr in Éirinn, ag áireamh ainmneacha ar nós Seán (John) faoina n-ainm ceart agus, ina ionad sin, go bhfuil siad á n-áireamh faoi ainm eile, Sean (old); agus an gceapann sé go bhfuil sé cothrom go gcaithfear le tuismitheoirí a roghnaíonn ainmneacha Gaeilge mar seo. [14205/18]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I mo cháil mar Aire agus freagracht orm i ndáil leis an nGaeilge, ba mhaith liom a rá go dtuigim ábhar imní an Teachta maidir le stádas na Gaeilge agus ba mhaith liom freisin a chur ina luí ar an Teachta go bhfuil mé féin, agus go bhfuil an Rialtas, tiomanta i leith tacú leis an nGaeilge ar bhonn náisiúnta agus i leith úsáid na Gaeilge a neartú mar phríomhtheanga pobail sa Ghaeltacht. Sa chomhthéacs sin, leanann an Rialtas de thacú le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus de thacú le soláthar agus forbairt raoin leathain beart, scéimeanna agus tionscnamh atá dírithe ar thacú leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht.

Maidir leis an tsaincheist shonrach atá ardaithe ag an Teachta ina cheist, d’eisigh an Phríomh-Oifig Staidreamh an chéad fhoilseachán maidir le hainmneacha Babaithe ar an 28 Iúil 1999, ar foilseachán é inar cuireadh i láthair an 100 túsainm is coitianta, i gcás buachaillí agus cailíní, i gcomhréir leis an bhfaisnéis faoi bhreitheanna a cláraíodh sa bhliain 1998. Leanadh den fhaisnéis sin a fhoilsiú gach bliain ó shin i leith.

Sna blianta tosaigh, rinneadh na sonraí go léir a bhaint as deimhnithe páipéir agus thaifead an CSO iad, ar mhodh cléireachais, i mbunachar sonraí mór-ríomhaire lena bpróiseáil. Chomh maith le diaicriticí amhail an síneadh fada, bhí carachtair neamhábhartha ann sna deimhnithe lámhscríofa amhail camóga, fleiscíní agus uaschamóga. Bhí diaicriticí eile ann amhail umlautagus aicinn. Cinneadh carachtair den sórt sin a fhágáil ar lár i dtúsainmneacha ós rud é go raibh deacrachtaí teicniúla ann, an tráth sin, maidir le carachtair amhail sínte fada a ionchur go héifeachtach agus go héifeachtúil i dtimpeallacht ríomhaire.

Fuair an Phríomh-Oifig Staidrimh comhad tástála le déanaí ón bPríomh-Oifig Chlárúcháin, ar comhad é ina bhfuil sínte fada san áireamh sa túsainm agus ar comhad é a dhéanfaidh an córas próiseáilte a leasú chun gabháil sonraí ina bhfuil sínte fada a éascú. Ach ní féidir an tsraith stairiúil a choigeartú go cúlghabhálach, siar go dtí an bhliain 1998, ós rud é, maidir leis an bhfoilseachán, go ndírítear aird go príomha ar rangú agus ar líon túsainmneacha ar leith. Ar mhaithe le cúrsaí inchomparáideachta, is gá leanúint den tsraith láithreach, gan briseadh sna sonraí a thabhairt isteach. Tá anailís á déanamh ag an bPríomh-Oifig Staidrimh faoi láthair agus tá gealltanas tugtha aici breithniú a dhéanamh i dtaobh táblaí breise faoi ainmneacha Gaeilge a fhoilsiú ar táblaí iad a thabharfadh aghaidh ar an tsaincheist atá ardaithe ag an Teachta. Coimeádfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh an Teachta ar an eolas faoi aon fhorbairtí maidir leis an ábhar seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.