Written answers

Tuesday, 17 April 2018

Department of Education and Skills

Scoileanna Lán-Ghaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

388. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil aon iniúchadh déanta ag a Roinn maidir le Gaelscoil a bhunú i mBaile Átha Cliath 12; agus mura bhfuil, cad iad na céimeanna atá sé ag dul a ghlacadh chun freastal ar an éileamh ar an nGaelscolaíocht sa cheantar. [15596/18]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

389. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil aon iniúchadh déanta ag a Roinn maidir le Gaelcholáiste a bhunú i mBaile Átha Cliath 8, 10 nó 12; agus mura bhfuil, cad iad na céimeanna atá sé ag dul a ghlacadh chun Gaelscolaíocht ar an dara leibhéal a chur ar fáil do dhaltaí sa cheantar atá á lorg agus ar gá dóibh faoi láthair taisteal amach as an gceantar chun freastal ar Ghaelcholáiste. [15597/18]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 388 agus 389 le chéile.

Mar a bheidh sé ar eolas ag an Ionadaí, d’fhógair mé pleananna chun 42 scoil úr a bhunú thar na 4 bliana amach romhainn (2019 go 2022), lena n-áirítear iarbhunscoil úr a bhunófar in 2020 agus bunscoil úr a bhunófar in 2019 chun freastal ar limistéir phleanála scoile Bhaile Átha Cliath 6_Cluain Sceach & ar Bhaile Átha Cliath_6W (ina gcuimsítear cuid de cheantar poist Bhaile Átha Cliath 12) mar réitigh réigiúnacha. Tagann an fógra seo sna sála ar chleachtaí déimeagrafacha ar fud na tíre a rinne mo Roinn maidir leis an ngá a bheidh ann amach anseo le haghaidh bunscoileanna agus iarbhunscoileanna ar fud na tíre agus leis an tréimhse 4 bliana beifear ábalta na tréimhsí tosaithe maidir le pleanáil agus seachadadh an bhonneagair riachtanaigh a mhéadú.

Nuair a chinnfear, bunaithe ar anailís dhéimeagrafach, go dteastaíonn scoil úr, tionólfar próiseas pátrúnachta. Is féidir le gach iarratasóir ionchasach pátrúin soláthar oideachais trí Ghaeilge a mholadh ina n-iarratas. Tá roghnachas tuismitheoirí do gach pátrún ó thuismitheoirí páistí atá ina gcónaí sa cheantar pleanála scoile, mar aon le méid na héagsúlachta atá ar fáil faoi láthair sa cheantar, tábhachtach do chinntí i dtaca le toradh an phróisis seo. Tá roghnachas tuismitheoirí maidir le meán teagaisc na scoile úir ina chuid shonrach den phróiseas measúnaithe agus cuireann sé bonn eolais faoi chinntí maidir le meán teagaisc na scoile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.