Written answers

Tuesday, 17 April 2018

Department of Education and Skills

Aitheantas Scoileanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

383. To ask the Minister for Education and Skills cén difríocht a dhéanfadh sé do scoil ó thaobh maoiniú agus leibhéal foirne de (sonraí tugtha) stádas neamhspleách a bheith aici seachas a bheith mar fho-aonad de scoil eile; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15552/18]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is faoi shainchúram Bord Oideachais agus Oiliúna atá an tAonad agus an scoil.

Is iondúil gur leibhéil rollaithe an phríomhthoisc i socrú deontais mhaoinithe neamhthuarastail a íocann mo Roinn le BOO maidir le gach scoil dara leibhéal laistigh dá scéim. Tá rollú an Aonaid seo san áireamh cheana chun críocha áireamh deontas don BOO cuí. Dá réir sin, ba theoranta an t-athrú sa leithdháileadh leis an BOO dá mbeadh an tAonad ag feidhmiú mar scoil neamhspleách. Léireodh sé seo feidhmiú tairseach íosta maidir le deontas ar leith.

Lena chois sin, tá suíomh an Aonaid ar leithligh ón bpríomhscoil curtha san áireamh cheana féin maidir le leibhéil foirne a thugtar don BOO, idir fhoireann teagaisc agus chúnta. Arís, is athrú an-teoranta a bheadh i gceist dá mbeadh sí ag feidhmiú mar scoil neamhspleách.

Ba chóir a thabhairt faoi deara fosta go bhfuil an-chuid féinrialach ag BOO i dtaca le dáileadh deontas ar a chuid scoileanna de. Dá réir sin, is faoin BOO atá sé a shocrú conas maoiniú a úsáid de réir tuairimí faoi riachtanais. Mar sin de, ní fhéadaim breith dheifnídeach a thabhairt ar cén maoiniú/fhoireann bhreise a gheobhadh an tAonad dá mbronnfaí stádas neamhspleách air laistigh de scéim BOO.

Níl aon chinneadh déanta maidir leis an Aonad dá dtagraíonn an Teachta stádas neamhspleách a bheith aige. Tá coiste bunaithe, áfach, le hathbhreithniú a dhéanamh ar thacaíocht do scoileanna áirithe, an tAonad san áireamh. Tabharfar an t-athbhreithniú chun cinn in 2018.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.