Written answers
Tuesday, 17 April 2018
Department of An Taoiseach
Seirbhísí trí Ghaeilge
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
121. To ask the Taoiseach an raibh sé ar an eolas go raibh foireann de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh ag ionchur sonraí pearsanta sa Daonáireamh is déanaí go mícheart trí shíntí fada a fhágáil ar lár; an aontaíonn sé go bhfuil an cleachtas seo i gcoinne na Gaeilge agus teangacha eile ina n-úsáidtear síntí fada nó siombailí eile i litriú a n-ainmneacha pearsanta agus a sloinnte; an eiseoidh sé treoir go bhfuil sé seo mídhleathach agus ag teacht salach ar ról na foirne maidir le taifead beacht ar shonraí Dhaonáireamh 2016 a stóráil; agus an ndéanfaidh sé an cheist a phlé. [15801/18]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bailíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh túsainmneacha agus sloinnte ar cheistneoirí daonáirimh chun a chinntiú go ndéantar an daonra iomlán a chomhaireamh ar oíche an daonáirimh agus chun cabhrú le háiritheoirí daonáirimh le linn dóibh deimhin a dhéanamh de gur freagraíodh gach ceist ar na foirmeacha daonáirimh.
Tá sé mícheart a rá go ndearna an Phríomh-Oifig Staidrimh míthaifeadadh ar mhionsonraí pearsanta le linn tuairisceáin daonáirimh a phróiseáil. Déanann an Phríomh-Oifig Staidrimh íomhá de gach ceistneoir daonáirimh a fhaigheann sí a thaifeadadh go cruinn chun próiseáil sonraí a éascú agus, ina theannta sin, déanann sí na foirmeacha lámhscríofa a stóráil go daingean. Cuirfear an t-ábhar sin ar fáil don phobal i gcomhréir leis an riail 100 bliain de réir mar a shonraítear in Alt 35 den Acht Staidrimh, 1993.
Tar éis íomhá na foirme a thaifeadadh, gabhadh na túsainmneacha agus na sloinnte ar na ceistneoirí trí úsáid a bhaint as bogearraí aitheanta optúla carachtar (OCR). Maidir leis na bogearraí OCR a úsáideadh chun na hainmneacha a ghabháil, níor aithin siad carachtair amhail uimhreacha, sínte fada, uaschamóga agus fleiscíní agus, dá bharr sin, ní fheictear na carachtair sin sna sonraí a bhaineann le hainmneacha gafa. Ba chuí sin ar mhaithe le próiseáil chruinn éifeachtúil shonraí an daonáirimh.
I gcás Dhaonáireamh 2021, leanfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh d’íomhánna na bhfoirmeacha a thaifeadadh go cruinn, de na ceistneoirí a thugtar ar ais a stóráil i gcomhréir leis an reachtaíocht iomchuí agus de bhogearraí OCR a úsáid chun gabháil na faisnéise lámhscríofa ar fad, lena n-áirítear ainmneacha, a éascú.
Mar chuid dá cuspóir i leith a próisis staidrimh a nuachóiriú, tá an Phríomh-Oifig Staidrimh tiomanta i leith ardán a fhorbairt chun sonraí a bhfuil baint acu le hobair na Príomh-Oifige Staidrimh i gcoitinne a bhailiú ar líne. Chuirfeadh sé sin feabhas suntasach ar chumas na hoifige raon níos leithne carachtar, lena n-áirítear sínte fada, a bhailiú i suirbhéanna agus i ndaonáirimh tar éis na bliana 2021.
No comments