Written answers

Tuesday, 20 March 2018

Department of Education and Skills

Seirbhísí Leathanbhanda

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

227. To ask the Minister for Education and Skills cad chuige nach bhfuil ach luas íoslódála 2 Mheigighiotán sa soicind (Mbps) ar fáil i scoil i gContae Dhún na nGall (sonraí tugtha); an iarrfaidh sé ar oifigigh na Roinne an cás seo a chíoradh agus dul i dteagmháil leis an scoil d’fhonn teacht ar réiteach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12206/18]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faoin gClár um Rochtain ar Leathanbhanda do Scoileanna déanann an Roinn soláthar do nascacht idirlín a thabhairt do gach bunscoil agus iarbhunscoil aitheanta. Tá timpeall ar 98% (nócha-hocht faoin gcéad) de scoileanna san áireamh sa scéim seo. Tá gach iarbhunscoil agus roinnt scoileanna speisialta san áireamh sa chlár 100 Mbps faoin am seo.

Tá feabhas mór tagtha ar an scéal le blianta beaga anuas. Tá méadú tagtha ar líon na mbunscoileanna ag a bhfuil luas leathanbhanda níos airde na 30mbs, ó níos lú ná 100 scoil in 2012 go breis is 1000 scoil faoi dheireadh 2017. Maidir le Dún na nGall, sa bhliain 2012 ní raibh rochtain ag bunscoil ar bith ar luas leathanbhanda 30mbs nó níos mó. Faoin am seo tá luas leathanbhanda 30mbs nó níos mó ag tuairim is 34 scoil i nDún na nGall.

Is é beartas mo Roinne an cháilíocht nascachta is fearr a thairiscint do gach scoil de réir na réiteach teicniúil atá ar fáil ar an margadh agus faoi na srianta airgeadais. Tá an acmhainn leathanbhanda ag athrú de réir suímh gheografaigh agus de réir bonneagair áitiúil. Mar sin is féidir leis dul i bhfeidhm ar an tseirbhís is féidir a chur ar fáil.

Aithnítear sa Straitéis Dhigiteach do Scoileanna 2015-2020 go bhfuil gá le feabhas a chur ar nascacht leathanbhanda chuig bunscoileanna, agus mar a dúradh, tá rochtain ar leathanbhanda ardluais ar cheann de na táscairí atá aitheanta sa Phlean Gnímh don Straitéis Dhigiteach. Bunaíodh grúpa oibre idir-Rannach chun a oibriú amach conas is fearr is féidir tabhairt faoi nascacht leathanbhanda chuig bunscoileanna i gcomhar leis an Roinn Cumarsáide, Gníomhaíocht Aeráide agus Comhshaoil i gcomhthéacs an Phlean Leathanbhanda Náisiúnta agus an Straitéis Idirghabhála agus soláthar tionscail beartaithe.

I gcás na scoile a ndearna an Teachta Dála tagairt di, tá an scoil ar nascacht leathanbhanda 3 Mbp/s na Chéad Ghlúine Eile faoi láthair. Beidh an scoil san áireamh sa chéad mhionchomórtas eile a reáchtálfaidh mo Roinn sna seachtainí seo chugainn. Is é seo an córas trínar féidir scoileanna a uasghrádú go seirbhísí níos fearr in áiteanna ina bhfuil seirbhísí níos fearr ar fáil ónár soláthraithe leathanbhanda.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.