Written answers

Tuesday, 20 March 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Plean Forbartha Náisiúnta

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1093. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cathain go díreach a bhunófar ionad Gaeilge agus cultúir i lár chathair Bhaile Átha Cliath mar atá fógraithe sa phlean náisiúnta, 2040 agus an dtabharfaidh sí cur síos ar an amscála atá ag an Roinn faoi láthair leis an togra seo a bhaint amach. [12713/18]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar áta luaite sa Phlean Forbartha Náisiúnta, Tionscadal Éireann 2040, tá i gceist ionad Gaeilge agus cultúir a fhorbairt i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Anuraidh, cuireadh coiste le chéile le hionadaíocht ó mo Roinn féin, ó Fháilte Éireann, ó Chomhairle Cathrach Átha Cliath agus ó Chonradh na Gaeilge le breathnú ar an bhféidearthacht ceannáras an Chonartha ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath a fhorbairt mar lárionad do phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Ag eascairt ó obair an Choiste seo, fuair an Roinn iarratas ó Chonradh na Gaeilge chun staidéar féidearthachta a dhéanamh i leith an tionscadail ag deireadh na bliana seo caite.  Cheadaigh mé deontas de €40,897 i mí na Nollag seo caite chun an staidéar féideartheachta seo a dhéanamh. Tar éis próiseas tairisceana a chur ar bun, tá tús curtha le hullmhú an staidéir feidearthachta anois.  Nuair a bheidh sé curtha i gcrích, beifear in ann an céad chéim eile i leith an an togra seo a mheas i gcomhréir leis an gCód um Chaiteachas Phoiblí de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.