Written answers
Tuesday, 20 March 2018
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Údarás na Gaeltachta
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
1084. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad chuige nár tháinig aon mhéadú ar an deontas reáchtála a íocadh le comharchumann i gContae Dhún na nGall anuraidh (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [12304/18]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cuireann Údarás na Gaeltachta deontais reáchtála ar fáil do chomharchumainn áirithe Gaeltachta a fheidhmíonn faoina scáth - sé cinn de chomharchumainn ar oiléain Gaeltachta ina measc - chun cláir fhorbartha a chur i bhfeidhm ar na hoileáin sin. Cuirtear na deontais seo ar fáil chun cabhrú leo a gcuid costais bainistíochta agus barrchostas a chlúdach.
Ós rud é gur eagraíocht neamhspleách reachtúil í Údarás na Gaeltachta, tuigfidh an Teachta gur faoin eagraíocht féin atá sé breithniú a dhéanamh ar chonas an chistíocht a fhaigheann sí ó Vóta mo Roinne a chur chun fónaimh i gcomhthéacs na gcúramaí atá sainithe di.
Tuigim ón Údarás go bhfuil an Comharchumann atá luaite ag an Teachta ag feidhmiú le roinnt blianta agus go bhfuil maoiniú i bhfoirm deontais reáchtála ar fiú €32,000 é, á fháil aige go bliantúil ón Údarás. Bunaithe ar an gclár oibre agus an réimse gníomhaíochtaí atá idir lámha ag an gcomharchumann, tuigtear ón Údarás nach léir dóibh go bhfuil cás ann an deontas reachtála thuasluaite a ardú mar a sheasann rudaí faoi láthair.
Tuigtear chomh maith go bhfuil an tÚdarás sásta cruinniú a reáchtáil leis an gComharchumann i gceist chun plé a dhéanamh faoin ábhar.
No comments