Written answers

Tuesday, 20 March 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Offshore Islands

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1071. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cathain a chuirfear bád farantóireachta nua ar fáil do mhuintir Thoraí mar a ghealltar sa Phlean Forbartha Náisiúnta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [11747/18]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuairim is deich mbliana ó shin, ghlac oifigigh na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta páirt i togra INTERREG, i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Forbartha Réigiúnda ó thuaidh agus Caledonian MacBrayne Ferries Ltd agus Caledonian Maritime Assets Ltd. in Alban, ar mhaithe le báid farantóireachta agus céanna a dhearadh d'oileáin beaga sna trí dlínse.  Dearadh bád farantóireachta do Thoraí agus oibreacha feabhsúcháin do Ché Mhachaire Rabhartaigh le freastal ar an mbád sin mar chuid den togra sin.  Tá obair ar bun laistigh den Roinn faoi láthair chun an dá thogra seo, atá luaite go sonrach i dTionscadal Éire 2040, a thabhairt chun cinn arís.

Anuas air sin, tá an Roinn i dteagmháil le Comhairle Contae Dhún na nGall agus geallsealbhóirí eile chun cruinnithe a thionól chun an t-ábhar a phlé agus an chéad céim eile sa phróiseas pleanála a aontú.  Bunófar coiste le hionadaíocht ó phobal Thoraí, ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall agus ó mo Roinn fhéin chun tacú le forbairt an dá thogra. 

Mar is gnáth le tograí móra caipitil a bhíonn á maoiniú ag an Stáit, caithfear tabhairt futhu ar bhonn chéimiúil.  Maidir leis an soitheach nua, is gá don Roinn:

1. Tabhairt faoi phróiseas tairisceana chun sainchomhairleoir muirí a earcú le mion-dearadh a dhéanamh ar an soitheach nua, agus an próiseas tairisceana agus tógála a bhainistiú.

2. Conradh tógála i leith an tsoithigh nua a bhronnadh.

Mar is gnáth le tograí móra caipitil a bhíonn á maoiniú ag an Roinn agus i gcomhréir le forálacha an Chóid um Chaiteachas Phoiblí de chuid na Roinne Chaiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, déanfar an cás i gcóir maoiniithe i leith na gcéimeanna éagsúla de na forbairtí a mheas, de réir mar is gá. 

Is ceart a rá go dtógfaidh an próiseas chun soitheach nua a phleanáil agus a thógáil roinnt ama, ach bheinn ag súil go mbeadh sí tógtha taobh istigh de thréimhse 2-3 bliana. 

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.