Written answers

Tuesday, 20 March 2018

Department of Children and Youth Affairs

An Teanga Gaeilge

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

898. To ask the Minister for Children and Youth Affairs an dtabharfaidh sí léiriú ar chumas a Roinne an réimse seirbhísí a sholáthraíonn siad a sheachadadh trí mheán na Gaeilge; cá mhéad comhaltaí foirne atá ainmnithe chun an méid sin a dhéanamh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [12508/18]

Photo of Katherine ZapponeKatherine Zappone (Dublin South West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go ginearálta, ní chuireann mo Roinn seirbhísí ar fáil go díreach don phobal. Tá mo Roinn tiomanta do na hoibleagáidí atá againn faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm agus tá socruithe curtha ar bun chun an riachtanais maidir le soláthar seirbhíse as Gaeilge d'aon duine atá á lorg a chomhlíonadh.  

Le déanaí, earcaíodh beirt bhall foirne ó na comórtais shruth Gaeilge a reáchtálann an tSeirbhís um Cheapachán Phoiblí chun soláthar na seirbhíse seo a fheabhsú. Tá roinnt baill foirne eile sa Roinn a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu agus atá toilteanach cúnamh a thabhairt do chomhghleacaithe.

Mar chuid de Phlean Bliantúil Oiliúna na Roinne, tá tacaíocht faoi leith ann chun cabhair a thabhairt dóibh siúd atá ag iarraidh a gcumas Ghaeilge a fheabhsú trí fhreastal ar chúrsaí.

Leanfaidh mo Roinn ar aghaidh ag déanamh measúnú ar a riachtanais i dtaobh seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.