Written answers

Thursday, 8 March 2018

Department of Education and Skills

Clár Tógála Scoileanna

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

130. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil sé toilteanach páirt a ghlacadh i gcruinniú le húdaráis scoile agus le Teachtaí Dála áitiúla chun togra a phlé (sonraí tugtha); má tá, cén uair a bheidh an cruinniú seo ar siúl; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11102/18]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is áthas liom a rá leis an Teachta gur ceadaíodh cistiú i bprionsabal don scoil dá dtagraíonn sé chun na fadhbanna taise agus caonach san fhoirgneamh aici a leigheas. I ngeall ar aois agus nádúr an fhoirgnimh agus le cinntiú go réiteodh aon oibreacha a dhéanfaí na fadhbanna atá ann, d’iarr mo Roinnse moltaí ó údarás na scoile trína chomhairleach faoin tslí leis na hoibreacha feabhsúcháin a dhéanamh.

Cuireadh na moltaí ar fáil do mo Roinn i lár mhí Eanáir agus tá siad athbhreithnithe ó shin ag foireann ghairmiúil agus theicniúil na Roinne. Is ceist chasta í ceist an fhoirgnimh seo, agus mar sin cinneadh go dtabharfadh foireann na Roinne cuairt theicniúil ar an scoil, rud a rinneadh an 16 Feabhra. Tá torthaí na cuairte sin á mbreithniú faoi láthair. Tá súil ag mo Roinn a bheith i dteagmháil le húdarás na scoile go luath maidir leis an tslí a dhéanfar na hoibreacha. I bhfianaise na bhforbairtí seo, ní dóigh liom gur gá cruinniú a bheith againn leis scoil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.