Written answers
Thursday, 8 March 2018
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Tionscadal Éireann 2040
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
693. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sí briseadh síos ar an maoiniú breise ar fad a bheidh ar fáil don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin faoi 'Tionscadal Éireann 2040' don bhliain 2018, 2019, 2020, 2021; cá háit a rachaidh an maoiniú breise seo sna cláir éagsúla atá faoi scáth na Roinne; cé mhéad a bheidh ar fáil i gcomhair gach clár sna blianta atá luaite; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [11143/18]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sé fógartha ag an Rialtas sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027 go mbeidh €178m in airgead caipitil ar fáil le caitheamh ar thograí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán as seo go ceann 10 mbliana. Sin €78m in airgead nua anuas ar an mbonnshuim de níos mó ná €10m in aghaidh na bliana atá á chaitheamh ar na nithe céanna faoi láthair.
San áireamh sa Phlean Forbartha Náisiúnta seo, tá gealltanas go méadófar buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta go €12m in aghaidh na bliana, go gcaithfidh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta €4m ar Lárionad Gaeilge i gCathair Bhaile Átha Cliath agus go ndéanfar forbairt ar ghréasán d'áiseanna turasóireachta sa Ghaeltacht agus d’Ionaid Gaeilge timpeall na tire, sna Líonraí Gaeilge agus sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta ach go háirithe.
Déanfar cinntí maidir le hamchlár an mhéadaithe seo le linn an ghnáthphróisis meastachán sna blianta atá amach romhainn.
No comments