Written answers
Thursday, 8 March 2018
Department of Environment, Community and Local Government
Craoltóirí Seirbhíse Poiblí
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
453. To ask the Minister for Environment, Community and Local Government an féidir leis poist ina Roinn féin a aistriú go ceantar Bhaile na hAbhann i bhfianaise an chinnidh atá déanta ag RTÉ seirbhís Nuachta RTÉ a bhogadh ó cheannáras TG4 i mBaile na hAbhann i gConamara go Domhnach Broc i mBaile Átha Cliath, ionas nach n-ísleofar an líon daoine atá fostaithe sa cheantar sin, ceantar a bhfuil tábhacht le gach post ann chun an pobal a choimeád; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11108/18]
Denis Naughten (Roscommon-Galway, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is craoltóir náisiúnta seirbhíse poiblí é RTÉ a bhfuil a shainchúram agus a chuid oibleagáidí leagtha amach dó in Acht Craolacháin, 2009. Is ábhar oibríochtúil é a tharraing an Teachta Dála anuas agus, dá bhrí sin, ní ábhar é a bhfuil feidhm agam ann, mar Aire. Sa chomhthéacs seo, ní bheadh sé iomchuí dom poist na Roinne a aistriú go láthair eile cionn is go raibh cinneadh tráchtála déanta ag comhlacht stáit neamhspleách.
No comments