Written answers

Wednesday, 28 February 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Scéim na gCúntóirí Teanga

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

56. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sí cuntas ar an dul chun cinn maidir le scéim na gCúntóirí Teanga, go háirithe maidir leis na poist bhreise a cheadaigh an tAire ach nár líonadh in 2017 i scoileanna (sonraí tugtha); cén fáth, i mBliain seo na Gaeilge, go bhfuil scoileanna ag fanacht ar chúntóir teanga le breis agus dhá bhliain; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [9818/18]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar mhaithe lena chinntiú go bhfuil Scéim na gCúntóirí Teanga ag feidhmiú ar an gcaoi is fearr is féidir mar thaca don phróiseas pleanála teanga agus don Pholasaí don Oideachas Gaeltachta araon, tá tús curtha ag mo Roinn le hathbhreithniú ar an scéim.

Ós rud é go bhfuil éileamh thar na bearta ó scoileanna Gaeltachta le bheith rannpháirteach sa scéim, beifear ag súil leis, de thoradh an athbhreithnithe, go mbeifear in ann aghaidh a thabhairt ar fhreastal níos fearr a dhéanamh ar an éileamh sin. 

D'eisigh mo Roinn Iarratas ar Thairiscintí i leith an athbhreithnithear ar etenders.ie ar 5 Feabhra 2018 agus tá go dtí 9 Márta 2018 chun tairiscintí ina ina leith a dhéanamh.  Tá sé i gceist go dtosóidh feidhmiú thorthaí an atbhreithnithe sa scoilbhliain 2018/19.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.