Written answers

Wednesday, 28 February 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Photo of Mary Lou McDonaldMary Lou McDonald (Dublin Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

48. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sí tuairisc maidir le beartas a roinne i leith na Gaeilge. [7229/18]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is í an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 bunchloch pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge. Sa chomhthéacs sin, chun tacaíocht a thabhairt do chothabháil agus d’fhorbairt na Gaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht, tá cur i bhfeidhm na Straitéise aitheanta mar phríomh-thosaíocht sa Chlár do Rialtas Comhpháirtíochta. Sa bhreis air sin, is fiú a rá go bhfuil tagairt shonrach déanta don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin sa Chreatlach Náisiúnta Pleanála agus sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027 a foilsíodh le gairid, le mír faoi leith faoin ábhar, ina chuimsítear réimsí faoi leith ann lena n-áirítear gnóthaí  Pleanála Teanga agus infheistíocht Údarás na Gaeltachta.

Maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030, is fiú a threisiú uair amháin eile gur gá a aithint gur le linn na géarchéime eacnamaíche is measa a bhuail an Stát riamh a lainseáladh an Straitéis. Ainneoin na gcúinsí deacra ina raibh gníomhaireachtaí na Gaeilge ag feidhmiú, idir mo Roinn féin, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus na heagraíochtaí éagsúla atá á maoiniú acu, táim sásta go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta agus á dhéanamh maidir le raon leathan gníomhaíochtaí faoin Straitéis a chur i bhfeidhm de réir a chéile ar bhealach córasach laistigh de na hacmhainní atá ar fáil. I measc na bpríomhgníomhaíochtaí atá bainte amach go dáta luafainn go sonrach na nithe seo a leanas:

- Tá cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga a leagtar amach faoi Acht na Gaeltachta 2012 faoi lán seoil anois. Faoin Acht seo, a rinneadh a achtú sé bliana ó shin mar chéim shuntasach le dlús a chur le feidhmiú na Straitéise, tugtar feidhm reachtúil don phróiseas faoina bhfuil pleananna teanga á n-ullmhú ag leibhéal an phobail trasna an sé chinn is fiche de limistéir pleanála teanga Ghaeltachta atá aitheanta faoin bpróiseas. Ina theannta sin, tá an próiseas tosaithe, nó ar tí tosú i gcás seacht gcinn de bhailte a d'fhéadfadh a bheith aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta faoin bpróiseas in am trátha. Lena chois sin, ar ndóigh, tá trí Líonra Gaeilge aitheanta faoin bpróiseas anois. Sa bhliain reatha, cuirfear tús le feidhmiú pleananna faoi leith sa Ghaeltacht agus, chun cabhrú leis an obair seo trí chéile, is fiú a mheabhrú go bhfuil ciste faoi leith ar fiú €2.65m in iomlán curtha ar fáil sa bhliain reatha. Is ionann é seo agus ardú €1.4m thar an méid a bhí luaite leis an gciste in 2017. Mar thaca breise don phróiseas, tá ciste ar fiú €2.322m curtha ar fáil faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga atá á riaradh ag mo Roinn. Leis an gciste breise ar fiú €900,000 atá curtha ar fáil don chlár seo sa bhliain reatha thar an méid a cuireadh ar fáil sna Meastacháin Athbhreithnithe 2017, táim sásta go mbeifear in ann an dul chun cinn cuí a dhéanamh chun tacú le feidhmiú an phróisis trí chéile - próiseas atá ag croílár fheidhmiú na Straitéise, ar ndóigh, mar a bhaineann sé leis an nGaeltacht;

- Tá Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 foilsithe agus á chur i bhfeidhm go rathúil agus tá Straitéis Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta á cur i bhfeidhm chomh maith;

- Tá athbhreithniú déanta ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus d’fhógair mé an mhí seo caite go bhfuil Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) i measc na mBillí atá ar chlár reachtaíochta an Rialtais don earrach/samhradh;

- Tá buiséid bliantúla Údaras na Gaeltachta agus Fhoras na Gaeilge méadaithe le cúpla bliain anuas;

- Tá cinneadh déanta deireadh á chur leis an maolú don Ghaeilge san Aontas Eorpach i 2021; agus,

- Tá raon leathan tionscadal á maoiniú ag mo Roinn chun an Ghaeilge a chur chun cinn san earnáil dhigiteach.

- Sin ráite, ní miste dom a mheabhrú don Teachta go bhfuil bailchríoch á cur ag mo Roinnse faoi láthair  ar an bPlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022, a dhéanfar a fhoilsiú go han-luath.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.