Written answers

Wednesday, 28 February 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

39. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén méadú atá i gceist leis an méadú atá luaite i dTionscadal 2040 ar chaiteachas Údarás na Gaeltachta agus Fhoras na Gaeilge sa todhchaí; cathain go díreach a dhéanfar é seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10095/18]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé fógartha ag an Rialtas sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027 go mbeidh €178m in airgead caipitil ar fáil le caitheamh ar thograí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán as seo go ceann 10 mbliana. Sin €78m in airgead nua anuas ar an mbonnshuim de níos mó ná €10m in aghaidh na bliana atá á chaitheamh ar na nithe céanna faoi láthair. San áireamh sa Phlean Forbartha Náisiúnta seo, tá gealltanas go méadófar buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta go €12m in aghaidh na bliana. Déanfar cinneadh maidir le hamchlár an mhéadaithe seo le linn an ghnáthphróisis meastacháin sna blianta atá amach romhainn.

Ós rud é nach bhfuil aon bhuiséad caipitil ag Foras na Gaeilge, ní bheidh aon tionchar díreach ag Tionscadal Éire 2040 ar chaiteachas Fhoras na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.