Written answers
Tuesday, 6 February 2018
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Cuanta agus Céanna
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
660. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta maidir le pleanáil chun feabhas a chur ar na céibheanna ar Inis Meáin agus Inis Oírr faoi seach. [5888/18]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Maidir le forbairt Ché Inis Oírr, tá cead pleanála don fhorbairt seo faighte cheana féin agus táthar i lár phróiseas tairisceana ar mhaithe le comhairleoirí innealtóireachta a fhostú chun tabhairt faoin dearadh críochnúil a dhéanamh agus doiciméid tairisceana a ullmhú don obair thógála.
Maidir le Céim III de Ché an Chaladh Mhóir, tá an cur chuige is fear chun an togra seo a thabhairt chun cinn á phlé idir oifigigh mo Roinne agus Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi láthair.
Ar iarratas mo Roinne, tá innealtóir feidhmeach fostaithe sa Chomhairle Chontae chun díriú go heisiach ar an dá thionscadal seo agus tá coiste bunaithe idir an Chomhairle Chontae agus mo Roinn chun an dá thogra a stiúradh.
No comments