Written answers
Wednesday, 31 January 2018
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Scéim na gCúntóirí Teanga
Pat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
358. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sí cuntas ar an dul chun cinn maidir le scéim na gCúntóirí Teanga, go háirithe maidir leis na postanna breise a cheadaigh an tAire ach nár líonadh i 2017 sna scoileanna seo a leanas: Scoil an Chéidigh, Scoil an Bhreacaigh, Scoil Mhín a Ghabhann agus Pobalscoil na Rosann; cen fath, i mBliain seo na Gaeilge, go bhfuil scoileanna i dtoghcheantar Aire Stáit na Gaeltachta fós ag fanacht le breis agus dhá bhliain anuas le cuntóir teanga [4680/18]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar atá luaite roimhe seo, tá athbhreithniú á dhéanamh ag an Roinn ar Scéim na gCúntóirí Teanga ar mhaithe lena chinntiú go bhfuil an scéim ag tacú ar an gcaoi is fearr is féidir le feidhmiú an phróisis pleanála teanga agus an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta araon.
Mar chuid den athbhreithniú, a mbeidh tairiscintí ina leith á lorg go poiblí ag an Roinn faoi réir an chórais soláthair phoiblí gan mhoill, tá sé i gceist go scrúdófar mar is cuí, an ghné den scéal a bhaineann le hinaitheantas scoileanna Gaeltachta lena n-áirítear scoileanna nach bhfuil aitheanta faoin scéim i láthair na huaire. Tá na ceithre scoil atá luaite ag an Teachta i measc na scoileanna sin.
No comments