Written answers
Tuesday, 30 January 2018
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Scéim na gCúntóirí Teanga
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
659. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an gcuirfear Cuntóir Teanga ar fáil do scoil i gContae Dhún na nGall (sonraí curtha ar fáil); agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [4351/18]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ar mhaithe lena chinntiú go bhfuil Scéim na gCúntóirí Teanga ag feidhmiú ar an gcaoi is fearr is féidir mar thaca don phróiseas pleanála teanga agus an Polasaí don Oideachas Gaeltachta araon, tá mo Roinn ag tabhairt faoi athbhreithniú ar an scéim i mbliana.
Ós rud é go bhfuil éileamh thar na bearta ó scoileanna Gaeltachta le bheith rannpháirteach sa scéim, beifear ag súil leis, de thoradh an athbhreithnithe, go mbeifear in ann aghaidh a thabhairt ar fhreastal níos fearr a dhéanamh ar an éileamh sin.
No comments