Written answers

Tuesday, 30 January 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

653. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht i gcomhthéacs mholtaí Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, an dtabharfaidh sí gealltanas go gcuirfear an soláthar airgid cuí ar fáil don Roinn nó d’Údarás na Gaeltachta chun príomh-mholtaí na Straitéise a chur i bhfeidhm, go háirithe agus bliain na Gaeilge ann in 2018; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [3963/18]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, is tríd an phróiseas meastacháin agus cáinaisnéise a dhéantar leithdháileadh ar an soláthar airgid a chuirtear ar fáil ar bhonn bhliantúil do mo Roinn agus, go deimhin, do na Ranna Rialtais go léir. Ina thaobh sin, tá allúntas de €62.595 milliún ina iomláine ar fáil don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin in 2018 i gcomparáid le €60.602 milliún a cuireadh ar fáil sna Meastacháin do 2017. Áiríonn na figiúirí seo an soláthar atá curtha ar fáil don Fhoras Teanga - an soláthar do Ghníomhaireacht na hUltaise san áireamh.

Mar chuid den chistíocht sin is fiú a mheabhrú don Teachta, go bhfuil ciste faoi leith ar fiú €2.65m in iomlán curtha ar fáil go sonrach don phróiseas pleanála teanga in 2018. Is ionann é seo agus ardú suntasach €1.4m thar an méid a bhí luaite leis an gciste seo in 2017. Bainfear leas as an gciste seo chun a chinntiú go ndéantar cúram cuí sa bhliain reatha den phróiseas pleanála teanga atá ag croilár na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge, ar ndóigh.

Is fiú a lua chomh maith go gcuimsítear sa chiste iomlán thuasluaite ciste faoi leith ar fiú €2.322m é faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga atá á riaradh ag mo Roinn. Leis an gciste breise ar fiú €900,000 atá curtha ar fáil don chlár seo sa bhliain reatha táim sásta go mbeifear in ann tacú tuilleadh le feidhmiú na Straitéise mar a bhaineann sé leis an nGaeltacht.

Ina theannta sin, ar ndóigh, tá cistíocht reatha ar fiú €6.39m é ar fáil in 2018 a leanfar ag baint leasa as sa bhliain reatha chun raon leathan clár, scéimeanna agus bearta a mhaoiniú a bheidh mar thaca breise d'fheidhmiú na Straitéise trí chéile.

Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, is é an soláthar iomlán atá curtha ar fáil dó in 2018 ná €19.587m i gcomparáid le soláthar iomlán de €18.895m don bhliain 2017. Tá €413,000 de mhaoiniú breise curtha ar fáil in 2018 chun cúram a dhéanamh de chlár caipitil na heagraíochta (ar fiú €7m é in 2018), agus chun tacú tuilleadh leis na comharchumainn agus eagraíochta forbartha pobail a bhíonn ag feidhmiú faoina scáth.

Ní miste dom a lua chomh maith gur cuireadh ciste breise arbh fhiú €2.27m é ar fáil do chlár caipitil an Údaráis in 2017 agus €2.4m breise in 2016. Fágann sé sin go bhfuil €4.67m sa bhreis ar an mbunlíne curtha ar fáil don eagraíocht thar dhá bhliain anuas.

Maidir le clár caipitil na bliana reatha, táim sásta go gcuirfidh an soláthar breise seo ar chumas an Údaráis dul chun cinn a dhéanamh ar roinnt tograí caipitil atá ar na bacán acu le tamall, rud a chiallaíonn go dtacófar go praiticiúil le hiarrachtaí an Údaráis freastal a dhéanamh ar phobal na Gaeltachta agus ar an nGaeilge dá réir - cuspóir atá ag croílár na Straitéise ó thaobh na Gaeltachta de.

Maidir le Bliain na Gaeilge 2018, is fiú a mheabhrú gur togra de chuid Rialtas na hÉireann é seo agus go deimhin go bhfuil maoiniú faoi leith ar fiú €450,000 é curtha ar fáil ag an Rialtas ina leith i soláthar Fhoras na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.