Written answers

Tuesday, 23 January 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Bliain na Gaeilge

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

77. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad iad na pleananna atá ag an Roinn do Bhliain na Gaeilge. [3085/18]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is ar 13 Nollaig 2017 a d’fhógair mé go raibh Bliain Na Gaeilge 2018 faofa ag an Rialtas. Ag tógáil ar rath An Teanga Bheo a bhí mar shraith faoi Éire 2016: Clár Comórtha agus i bhfianaise go mbeidh Conradh na Gaeilge ag ceiliúradh 125 Bliain d’Athbheochan na Gaeilge i 2018, feictear gur togra tráthúil í Bhliain na Gaeilge 2018 chun ceiliúradh a dhéanamh ar an teanga, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

Chun tacú le gníomhaíochtaí na Bliana, cheadaigh Foras na Gaeilge pacáiste airgeadais de €450,000 roimh dheireadh na bliana agus tá Meitheal Oibre comhdhéanta d'ionadaíocht ó mo Roinn, Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, RTÉ, TG4 agus Conradh na Gaeilge bunaithe ar mhaithe leis an togra a stiúradh.

Anuas air sin, tá breis agus 50 grúpa ag comhordú féilire d'imeachtaí cruthaitheacha, ealaíne agus pobail atá á n-eagrú ar fud an domhain i 2018, le roinnt tionscadal tábhachtacha a leanfaidh ar aghaidh tar éis 2018. 

Tá i gceist go mbeidh cur chuige tras-Rialtais i gceist agus an Bhliain á ceiliúradh. Tá clár imeachtaí Eanáir go Meitheamh foilsithe cheana féin agus is féidir imeachtaí bhreise a chlárú i gcónaí ar gaeilge2018.ie.  Ar mhaithe le rannpháirtíocht tras-Rialtais a éascú agus a chur chun cinn, beidh mé ag scríobh gan mhoill chuig mo chomhghleacaithe sa Rialtais ag iarraidh orthu a gcuid Ranna agus na comhlachtaí poiblí faoina gcúram a spreagadh le bheith páirteach sa cheiliúradh agus le himeachtaí a eagrú a thacaíonn leis an gcoincheap. Beidh mé ag déanamh an rud céanna, dár ndóigh, taobh istigh de mo Roinn fhéin.

Teastaíonn uaim go mbeidh na himeachtaí seo ag díríú isteacht ar:

- bheocht na teanga a cheiliúradh;

- úsáid, íomhá dearfach, infheictheacht agus gnáthú na Gaeilge sa phobal a mhéadú;

- an obair leanúnach a spreagadh agus aitheantas a thabhairt do chur chun cinn na Gaeilge; agus

- an Ghaeilge a chosaint mar theanga labhartha na Gaeltachta.

Táim cinnte go ndéanfaidh an fócas speisialta ar an nGaeilge dearcadh dearfach i leith na teanga a spreagadh i measc an phobail i gcoitinne, rud a thacóidh le cuspóirí na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a bhaint amach.

Ba mhaith liom an deis a thapú anseo inniu cuireadh a thabhairt do mo chomhghleacaithe anseo sa Dáil a bheith páirteach freisin agus Gaeilge a labhairt agus muid i mbun ár gcuid oibre.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.