Written answers

Tuesday, 23 January 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Bord Údarás na Gaeltachta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

100. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist go ndéanfar leasaithe ar Acht na Gaeltachta maidir le struchtúr Bhord Údarás na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2758/18]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I gcomhréir leis na forálacha ábhartha Acht na Gaeltachta 2012, cheap mé Bord nua d'Údarás na Gaeltachta  le gairid. Mairfidh tréimhse feidhme an bhoird seo go Eanáir 2023.

Faoin socrú reatha a tháinig i bhfeidhm faoin Acht i 2012, tá an bord, a bhfuil dhá chomhalta dhéag air, comhdhéanta de chúigear a ainmníonn na hÚdaráis Áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram acu, chomh maith le seachtar comhalta eile a roghnaítear bunaithe ar chomórtas poiblí a eagraítear faoi scáth na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí.

Ní miste a lua chomh maith gur ionann líon an bhoird mar atá sé anois agus an líon a mholtar, de réir thaighde idirnáisiúnta, ar chóir a bheith ar bhord den tsaghas seo. 

Táim sásta, dá réir, go bhfuil an cur chuige reatha mar a bhaineann sé le struchtúr an bhoird ag feidhmiú go sásúil agus nach gcuireann sé aon bhac ar chumas an Údaráis feidhmiú mar is cuí.

Ach an oiread leis an mbord a chuaigh roimhe, táim cinnte de go rachaidh an bord nua i mbun a chuid dualgas le díocas agus le dúthracht, a bheidh ar leas Údarás na Gaeltachta, phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge araon.  Ar an mbunús sin, níl i gceist agam aon mholtaí maidir le  hAcht na Gaeltachta 2012 a leasú a thabhairt chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.