Written answers

Tuesday, 23 January 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

96. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sí léiriú ar an dul chun cinn atá déanta ó thaobh na gcuspóirí atá leagtha amach sa Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge. [3087/18]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I dtús báire is mian liom a threisiú uair amháin eile go bhfuil mé thar a bheith sásta leis an méid atá bainte amach go dtí seo chun cúram a dhéanamh d'fheidhmiú céimiúil na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Luafainn go sonrach na nithe a leanas:

- Tá cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga a leagtar amach faoi Acht na Gaeltachta 2012 faoi lán seoil anois. Faoin Acht seo, a rinneadh a achtú sé bliana ó shin mar chéim shuntasach le dlús a chur le feidhmiú na Straitéise, tugtar  feidhm reachtúil don phróiseas faoina bhfuil pleananna teanga á n-ullmhú ag leibhéal an phobail trasna an sé chinn is fiche de limistéir pleanála teanga Ghaeltachta atá aitheanta faoin bpróiseas. Ina theannta sin, tá an próiseas tosaithe, nó ar tí tosú i gcás seacht gcinn de bhailte a d'fhéadfadh a bheith aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta faoin bpróiseas in am trátha. Lena chois sin, ar ndóigh, tá trí Líonra Gaeilge aitheanta faoin bpróiseas anois. Sa bhliain reatha, cuirfear tús le feidhmiú pleananna faoi leith sa Ghaeltacht agus, chun cabhrú leis an obair seo trí chéile, is fiú a mheabrú go bhfuil ciste faoi leith ar fiú €2.65m in iomlán curtha ar fáil sa bhliain reatha. Is ionann é seo agus ardú €1.4m thar an méid a bhí luaite leis an gciste in 2017. Mar thaca breise don phróiseas, tá ciste ar fiú €2.322m curtha ar fáil faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga atá á riaradh ag mo Roinn.  Leis an gciste breise ar fiú €900,000 atá curtha ar fáil don chlár seo sa bhliain reatha thar an méid a cuireadh ar fáil sna Meastácháin Atbhreithnithe 2017, táim sásta go mbeifear in ann an dul chun chun cinn cuí a dhéanamh chun tacú le feidhmiu an phróisis trí chéile - próiseas atá ag croílár fheidhmiú na straitéise ar ndóigh mar a bhaineann sí leis an Ghaeltacht

- Tá Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 foilsithe agus á chur i bhfeidhm go rathúil agus tá Straitéis Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta á cur i bhfeidhm;

- Tá athbhreithniú déanta ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus d’fhógair mé an tseachtain seo caite go bhfuil Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) i measc  na mBillí atá ar chlár reachtaíochta an Rialtais don earrach/samhradh.

- Tá cinneadh déanta deireadh á chur leis an maolú don Ghaeilge san Aontas Eorpach i 2021; agus,

- Tá Plean Gaeilge agus Gníomh Digiteach RTÉ á gcur i bhfeidhm.

Chun an dul chun cinn súntasach seo a threisiú tuilleadh, tá sé i gceist plean gníomhaíochta d'fheidhmiú na Straitéise don tréimhse 2018-2022 a fhoilsiú go luath i gcomhar le forais eile stáit atá ábhartha sa chúram seo. Sa phlean gníomhaíochta, a bhfuil bailchríoch á cur air faoi láthair, leagfar amach raon de bhearta faoi leith a dtabharfar fúthu  i gcomhar le páirtithe leasmhara eile mar a bhaineann siad leis an naoi réimse atá sa Straitéis.

Is iondúil, nuair atá plé ar bun faoi fheidhmiú na Straitéise, nach n-aithnítear mar is cuí, an obair fhónta atá ar bun agus beartaithe i gcaitheamh an ama ag na forais ábhartha stáit, na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta atá ag saothrú leo ar leas na Gaeilge agus chun cúram a dhéanamh d'fheidhmiú na Straitéise ina gcuid oibre laethúil.  Is fiú agus is cóir é seo a chur san áíreamh sa phlé maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise.

Ní call a rá go leanfaidh mé, mar Aire Stáit na Gaeltachta, chun mo sheacht ndícheall a dhéanamh chun a chinntiú go n-aithnítear mar is cuí an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge mar chuid lárnach de shaol comhaimseartha na hÉireann agus go dtacaítear lena caomhnú agus lena treisiú laistigh de na hacmhainní atá agus a bheidh ar fail san achar ama atá romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.