Written answers
Tuesday, 23 January 2018
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Údarás na Gaeltachta
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
88. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an méid cuairteanna a thug an tÚdarás ar shuíomhanna sa Ghaeltacht le linn na bliana 2017; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [3102/18]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ar an tuiscint gur ag tagairt atá an Teachta do chuairteanna a d’eagraigh feidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta le linn 2017 ar shuíomhanna atá faoi chúram na heagraíochta, eagraíodh iomlán de 82 cuairt. Seo a leanas na sonraí ar bhonn cheantair Gaeltachta:
Ceantar Gaeltachta | Méid Cuairteanna |
---|---|
Dún na nGall | 31 |
Maigh Eo | 19 |
Gaillimh | 24 |
Ciarraí | 3 |
Corcaigh | 1 |
Port Láirge | 1 |
An Mhí | 3 |
Iomlán | 82 |
Is ar an údar go bhfuil líon beag spáis oifige/déantúsaíochta i gceantair na Mí, Chiarraí, Chorcaí agus Phort Láirge, go bhfuil an líon cuairteanna a bhaineann leis na ceantair seo níos ísle.
Tuigim ón Údarás gur fiontraithe, bainisteoirí comhlachta, infheisteoirí féideartha agus daoine gnó eile go príomha a bhíonn i gceist agus gur de thoradh stocaireachta agus margaíochta leanúnaigh de chuid an Údaráis a bhíonn na cuairteanna ann.
Mar chuid den obair leanúnach a bhíonn ar bun ag an Údarás, bíonn teagmháil agus plé leanúnach ag an eagraíocht le raon leathan fiontraithe agus comhlachtaí a mbíonn spás á lorg acu, i dtreo an leas is fearr is féidir a bhaint as an teagmháil sin mar a bhaineann sé le caomhnú agus cothú fostaíochta sa Ghaeltacht.
No comments