Written answers

Tuesday, 23 January 2018

Department of Finance

Tástáil Náisiúnta Carranna

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

159. To ask the Minister for Finance cad é a thuairim i dtaca le comhfhreagras a bhaineann leis an Tástáil Náisiúnta Carranna agus cás duine áirithe (sonraí tugtha). [2938/18]

Photo of Paschal DonohoePaschal Donohoe (Dublin Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé curtha in iúl ag na Coimisinéirí Ioncaim dom go bhforáiltear le halt 141(2)(e) agus (f) den Acht Airgeadais, 1992 do na Coimisinéirí Ioncaim rialachán a dhéanamh maidir le comhdhéanamh plátaí cláraithe ar fheithiclí.  Tá rialachán déanta ag na Coimisinéirí Ioncaim ina leith in Ionstraim Reachtúil Uimhir 318 de 1992, Na Rialacháin um Chlárú agus Cánachas Feithiclí, 1992, An Chéad Sceideal.  Forordaítear leis an Sceideal seo an fhormáid nach mór a úsáid ar phlátaí cláraithe, na litreacha ‘IRL’ san áireamh.

Tugadh foráil den chéad uair in Ionstraim Reachtúil Uimhir 287 de 1990, Na Rialacháin um Fheithiclí Bóthair (Clárú agus Ceadúnú) (Leasú) go gcuirfí IRL san áireamh, inar tagraíodh do IRL a bheith mar an siombal náisiúnta aontaithe le haghaidh feithiclí cláraithe in Éirinn, mar a socraíodh ag Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Thrácht ar Bhóithre (Geneva, 1949).

Le Rialachán Uimhir 2411/98 ón gComhairle (AE) de 3 Samhain 1998 ar aithint suaitheantais an Bhallstáit ina bhfuil mótharfheithiclí agus a leantóirí cláraithe i dtrácht laistigh den Chomhphobal, foráiltear d’uasmhéid trí litir le léiriú cén Ballstát ina bhfuil an fheithicil cláraithe.

Sa Treoirleabhar um an Tástáil Náisiúnta Carranna arna eisiúint ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, sonraítear gur cúis chun teipthe i gcás pláta cláraithe “marcanna, seachas iad siúd atá forordaithe” a bheith ar an bpláta cláraithe.  Ós rud é gurb é IRL an teideal forordaithe le haghaidh tír chláraithe feithiclí a cláraíodh in Éirinn, tionscnófar teip má fhágtar as an áireamh é, agus/nó má chuirtear leagan malartach ina áit.

Níl aon fhoráil sa reachtaíocht le go gcuirfí an focal “Éire” ná leaganacha eile in áit na litreacha “IRL”, agus níl aon phleananna ann aon athruithe a dhéanamh don reachtaíocht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.