Written answers

Tuesday, 23 January 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Limistéir Pleanála Teanga

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

81. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sí sásta go mbeidh dóthain airgid ar fáil d’Údarás na Gaeltachta agus do na coistí áitiúla éagsúla chun na pleananna teanga a chur i bhfeidhm; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2912/18]

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

92. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh sí soiléiriú maidir leis na 26 limistéar pleanála teanga/pobail ó thaobh stádas na bpleananna teanga sna limistéir éagsúla. [3084/18]

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

109. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad é stádas an phróisis maidir leis an aitheantas atá tugtha do Ghaillimh mar bhaile séirbhíse Gaeltachta. [3086/18]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 81, 92 and 109 together.

Chun tacú tuilleadh le feidhmiú an phróisis pleanála teanga atá leagtha amach faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus faoina gcuimsítear na ceantair Ghaeltachta chomh maith le Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge, tá cistíocht faoi leith ar fiú €2.65m curtha ar fáil sa bhliain reatha.  Is ardú suntasach é seo thar an €1.25m a cuireadh ar fáil don phróiseas pleanála teanga i 2017.

Lena chois sin, is fiú a lua go bhfuil €2.322m curtha ar fáil in 2018 chun cúram a dhéanamh de chlár tacaíochtaí pobail agus teanga na Roinne. Mar a bhí ar bun go dtí seo, bainfear leas as an gclár seo, atá dírithe ar na ceantair Ghaeltachta agus atá ardaithe fá €900,000 thar an soláthar a bhí curtha ar fáil ina leith sna Meastacháin Athbhreithnithe 2017, chun tacú tuilleadh le feidhmiú an phróisis.

Caithfear a chur san áireamh chomh maith an raon leathan clár, scéimeanna agus tionscnamh eile atá á maoiniú agus á riaradh ag mo Roinn, ag Údarás na Gaeltachta agus ag Foras na Gaeilge araon chun tacú go díreach nó go tánaisteach leis an bpróiseas.

Ag cur é seo ar fad san áireamh, táim sásta go bhfuil solathar cuí curtha ar fáil ón státchiste chun cúram cuí a dhéanamh den phróiseas pleanála teanga sa bhliain reatha.

Maidir le staid reatha an phróisis féin, tá sé tosaithe anois i ngach aon cheann den 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta. Tá pleananna i leith na limistéar a leanas faofa agus táthar ag súil go mbeidh tús á chur lena bhfeidhmiú go luath:

- Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir

- Cois Fharraige

- Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh.

Tá pleananna teanga á mbreithniú ag mo Roinn faoi láthair i leith cúig chinn eile de na limistéir faoi leith, eadhon: Múscraí; Na Déise; An Cheathrú Rua; Dúiche Sheoigheach & Tuar Mhic Éadaigh; agus Ciarraí Theas. 

Lena chois sin táthar ag súil leis go mbeidh pleananna i leith na limistéar a leanas á gcur faoi bhráid mo Roinne chun críche faofa faoi Acht na Gaeltachta go luath:

- Ceantar na nOileán

- Conamara Láir

- Ciarraí Thiar

Maidir leis an cúig limistéar déag eile, beifear ag súil leis go mbeidh pleananna ina leith á gcur faoi bhráid na Roinne chun críche ceada idir seo agus deireadh 2020 - uair a mbeifear ag súil leis go mbeidh feidhmiú pleananna ar bun i ngach aon cheann de na limistéir.

Maidir le Cathair na Gaillimhe atá aitheanta faoin bpróiseas mar cheann den sé chinn déag de bhailte féideartha a d'fhéadfadh a bheith aitheanta in am trátha mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta, tuigtear don Roinn go bhfuil an eagraíocht, Gaillimh le Gaeilge, atá freagrach as plean a ullmhú agus a fheidhmiú don chathair i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe,  i mbun comhairle phroifisiúnta a lorg faoi láthair chun cabhrú leo le hullmhúchán an phlean. Tuigtear dom go bhfuil súil ag an eagraíocht tús á chur le hullmhú an phlean don chathair gan mhoill.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.