Written answers
Tuesday, 16 January 2018
Department of Education and Skills
Aitheantas Scoileanna
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
378. To ask the Minister for Education and Skills maidir leis an aighneacht atá curtha faoina bhráid ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB) ag lorg aitheantas do Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, céard é stádas na haighneachta sin; go háirithe, an bhfuil cinneadh déanta ina taobh; mura bhfuil cinneadh déanta, cén uair a dhéanfar cinneadh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [55054/17]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
408. To ask the Minister for Education and Skills cén uair a thabharfar aitheantas do scoil (sonraí tugtha) mar scoil neamhspleách; cén chúis atá leis an moill ar an gcinneadh seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1261/18]
Richard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 378 agus 408 le chéile.
Is mian liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil iarratas ar stádas neamhspleách i leith Choláiste Eoin, Inis Meáin, á bhreithniú faoi láthair. Is i gcomhthéacs na scoileanna oileánda go léir atáthar ag breithniú iarratas na scoile seo le coiste tras-Rannach. Tabharfar an cinneadh d’údarás na scoile a luaithe atá an próiseas breithniúcháin curtha i gcrích.
No comments