Written answers
Tuesday, 16 January 2018
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Scéim na mBóithre Áise
Pat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
1945. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh sí cur síos ar na pleananna atá aici maidir le Scéim na mBóithre Áise a chur ar bun in athuair do bhóithre nach bóithre contae iad, bóithre áise a fhad le tithe agus feirmeacha i gceantar na Gaeltachta amháin. [2064/18]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níl aon chiste ag an Roinn seo faoina ndéantar maoiniú ar bhóithre. Mar a thuigfidh an Teachta, is faoi na húdaráis ábhartha áitiúla le ceantair Ghaeltachta faoina gcúram atá sé cúram a dhéanamh de na cineálacha bóithre atá luaite sa Cheist. Is tríd an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a chuirtear maoiniú ón státchiste ar fáil chun na críche sin.
No comments