Written answers

Tuesday, 16 January 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Bord Údarás na Gaeltachta

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1928. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht mioneolas a thabhairt faoin teagmháil a bhí aici agus ag an Aire Stáit le SLM Éire Teo, sular fhógair an comhlacht go raibh sé le deireadh a chur lena ghnó ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, agus 32 post caillte dá bharr; an ndeimhneoidh sí cén uair ar cuireadh a Roinn ar an eolas faoi fhógra an chomhlachta agus cad iad na hiarrachtaí a rinne a cuid feidhmeannach agus a Roinn chun nach ndéanfaí an cinneadh; cén teagmháil a bhí ag a Roinn nó ag áisíneachtaí ábharacha fostaíochta eile sna ceantair Ghaeltachta le SLM ó d’fhógair siad an cinneadh; an dtabharfaidh sí eolas faoi na hiarrachtaí atá ar bun chun na deontais a íocadh leis an chomhlacht a aisíoc; an soláthróidh sí tuairisc chuimsitheach maidir leis an leibhéal teagmhála atá ann leis an chomhlacht seo faoi láthair; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1443/18]

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1929. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht eolas a thabhairt faoin straitéis atá ag a Roinn agus/nó ag áisíneachtaí ábharacha stáit eile atá freagrach do na ceantair Ghaeltachta, le malairt fostaíochta a aimsiú i gceantar Ghaoth Dobhair agus ceantar iarthar Chontae Dhún na nGall ó cailleadh 32 post roimh an Nollaig i gcomhlacht SLM Éire Teo i nGaoth Dobhair; an dtabharfaidh sí sonraí faoi cad é an straitéis atá ag a Roinn maidir le cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht le béim faoi leith ar Ghaeltacht Dhún na nGall, áit a bhfuil ráta ard dífhostaíochta faoi láthair; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1444/18]

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1930. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad iad na moltaí nó na pleananna atá ag a Roinn d’Iar-Oibrithe SLM Éire Teo maidir le hoiliúint agus scileanna úra a aimsiú i ndiaidh dhúnadh an chomhlachta i nGaoth Dobhair agus 32 post a bheith caillte dá bharr; an dtabharfaidh sí eolas breise faoin leibhéal comhoibrithe idir-Rannaigh a bhí aici leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí agus leis an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta maidir le tacaíocht a chur ar fáil do na hoibrithe a chaill a bpostanna agus maidir le híocaíochtaí leasa shóisialaigh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1445/18]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhir 1928 chun 1930, san áireamh, le chéile.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur thug an comhlacht SLM Ceangal Éire Teo. fógra scoir dá n-oibrithe trathnóna an 21 Nollaig 2017. Tuigtear dom chomh maith go raibh bainistíocht na comhlachta i dteagmháil go leanúnach leis an Údarás, fiú chomh déanach leis an tráthnóna roimhe sin ach nach raibh aon fhógra tugtha don Údarás go raibh an comhlacht le dúnadh.

Mar a mbeifí ag súil leis, rinne an tÚdarás tréan iarrachtaí teagmháil a dhéanamh leis an gcomhlacht ar an lá, gan toradh, ach tuigim go raibh plé idir an comhlacht agus feidhmeannas an Údaráis ar an lá dar gcionn, an 22 Nollaig 2017. Tá tugtha le tuiscint dom gur luaigh oifigigh an chomhlachta go mbeadh infheistíocht shuntasach ag teastáil ón máthar-chomhlacht le go mbeifí in ann an gnó i nGaoth Dobhair a fhorbairt agus a fhás agus gur cuireadh ar shúile an Údaráis ag an tráth sin go raibh leachtaitheoir le ceapadh ar an gcomhlacht.

Ní miste dom a mheabhrú don Teachta, nuair a cheaptar leachtaitheoir ar chomhlacht go bhfuil córas faoi leith nach foláir cloí leis maidir le haisghairm deontas agus, de réir an chórais sin, is leis an leachtaitheoir is gá aon teagmháil atá bainteach leis an ábhar a dhéanamh. Sa chás seo, ceapadh leachtaitheoir ar SLM Ceangal Éire Teo ar an 8ú Eanáir 2018. 

Tuigim go bhfuil teagmháil déanta ag an Údarás leis an leachtaitheoir agus go bhfuil an próiseas idir lámha chun an aisghairm chuí a dhéanamh ar na deontais a íocadh leis an gcomhlacht ar fiú €171,476 in iomlán iad agus a bhain go príomha le deontais fhostaíochta, oiliúna agus fóirdheontais cíosa.

Sa chomhthéacs sin ar fad, chas mé féin, feidhmeannaigh de chuid an Údaráis agus ionadaithe ón Roinn Coimire Sóisialaí agus Bord Oideachais agus Oideachais Dhún na nGall le hiar-fhostaithe SLM Éire Ceangal Teo. ar 22 Nollaig 2017 chun plé a dhéanamh ar an gcaoi a  bhféadfaí tacú leo.  Rinneadh plé ag an gcruinniú sin chomh maith faoi na deiseanna eile fostaíochta atá ar fáil ar an bpáirc ghnó.

Tá plé leanúnach ar bun idir an tÚdarás agus eagraíochtaí oiliúna stáit chun clár oiliúna agus traenála cuí a chur ar fáil a bheidh dírithe ar riachtanais agus scileanna iar-oibrithe SLM Teo. agus ní gá a rá go mbeidh teagmháil mar is cuí á dhéanamh ag an Údarás leis na hiar-oibrithe chun tacú leo pé bealach is féidir.

Ní miste dom a mheabhrú don Teachta go bhfuil infheistíocht shuntasach déanta ar Pháirc Gnó Ghaoth Dobhair le roinnt blianta anuas agus tuar dóchais é go bhfuil folúntais ag comhlachtaí éagsúla ann faoi láthair. Go deimhin, bhí laethanta oscailte ag dhá chliantchomhlacht de chuid an Údaráis  le gairid chun folúntais atá acu a phoibliú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.