Written answers
Tuesday, 16 January 2018
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Deontais Ranna
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
1854. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an gcuirfidh sí i bhfoirm tábla gach deontas a bhronn an Roinn ar gach aon ghrúpa, eagras nó duine aonair ón uair a bhí an tOlltoghchán deireanach ann; an léireoidh sí cén cineál deontais a bhí i gceist; cathain a fuair na grúpaí, na heagrais agus na daoine aonair na deontais seo; an ndéanfaidh sí an t-eolas maidir le cárbh as dóibh a bhriseadh síos ó thaobh contae de; agus cé méid airgid a bhí i gceist i gcás gach ceann acu. [54672/17]
Josepha Madigan (Dublin Rathdown, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Déantar sonraí an chistiúcháin a leithdháiltear gach bliain ar mo Roinn ag leibhéal fo-mhírchinn a fhoilsiú sna Meastacháin Athbhreithnithe bhliantúla. Trí na fo-mhírchinn sin, déanann mo Roinn raon leathan clár agus beart a riar agus a chur i gcrích, agus tá cur síos orthu sin le fáil ar shuíomh na Roinne ag
Foilsítear sonraí tháirgeacht iarbhír mo Roinne ag leibhéal fo-mhírchinn do 2016 sa Chuntas Leithreasa Bliantúil, atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste
Tá an obair le figiúirí caiteachais 2017 a thabhairt chun críche ar bun faoi láthair lena chinntiú go bhfuil cuntas ar an gcaiteachas i gcomhréir le polasaithe, prionsabail agus nósanna imeachta cuntasaíochta an Rialtais agus beidh sonraí chaiteachas 2017 ar fáil ar an suíomh gréasáin céanna níos faide anonn i mbliana.
Tugtar taifead agus cuntas ar chaiteachas faoi réimsí cláir ar bhonn náisiúnta agus ní feidir miondealú ar chaiteachas na Roinne ar fad a thabhairt de réir réigiúin ná ar bhonn contae. De ghnáth, ní bhíonn na grúpaí agus na heagraíochtaí a fhaigheann deontais go díreach ó mo Roinn déanta suas ar bhonn contae aonair.
Ina theannta sin, ní mór dom a lua go ndéantar cuid de chláir mo Roinne a chur ar fáil trí ghníomhaireachtaí.
Ag féachaint don méid thuas, agus mar gheall ar raon leathan scéimeanna agus clár mo Roinne, agus líon mór na n-íocaíochtaí agus na ndeontas atá i gceist, ní féidir an t-eolas atá á lorg a chur ar fáil. Má bhíonn ceisteanna sonracha ag an Teachta, áfach, a bhaineann le clár nó deontas áirithe, déanfaidh mé mo dhícheall an t-eolas ábhartha a thabhairt do.
No comments