Written answers

Tuesday, 16 January 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Caiteachas Ranna

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1846. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cá mhéad airgid atá caite ag Rannán na Gaeltachta i ngach contae le cúig bliana anuas. [54357/17]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I dtús báire, is mian liom a chur in iúl don Teachta nach de réir chontae a coinnítear taifid faoi gach mhír caiteachais atá ag mo Roinn.  É sin ráite, tá iarracht déanta agam Ceist an Teachta a fhreagairt.

Ag glacadh leis gur faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga de chuid na Roinne atá an cheist - clár faoina gcuirtear cúnamh ar fáil chun tacú le bonneagar Gaeilge agus pobail na Gaeltachta  threisiú - leagtar amach sa tábla a leanas an dáileadh airgid atá déanta faoin gclár idir 2013 agus 2017, idir chúnamh caipitil agus reatha.

Contae20132014201520162017
Dún na nGall€476,215€471,323€705,050€865,857€1,144,767
Maigh Eo€67,789€62,256 €99,729 €90,104 €213,369
Gaillimh€2,225,491€1,476,598€1,432,240€2,123,426€1,737,064
Ciarraí€1,097,552€1,519,464€894,970 €728,424 €555,139
Corcaigh€95,866€94,090 €225,926 €79,689 €172,438
Port Láirge€5,706 €8,197 €17,006 €6,117€11,537
Co na Mí€22,629€26,796 €18,722 €25,450€18,838
Ilghnéitheach*€441,256 €277,489 €362,070 €304,000 €345,500
Iomlán€4,432,504 €3,936,213€3,755,713€4,223,067€4,198,652

*Nótáil led thoil go gcuimsítear san eolas thuasluaite íocaíochtaí le heagraíochtaí ar leith a riarann cláir éagsúla oibre thar ceann na Roinne i gceantair Ghaeltachta éagsúla nach féidir a shonrú chomh éasca sin de réir contae. San áireamh anseo, tá Scéim na gCampaí Samhraidh agus Scéim na gCuntóirí Teanga. 

Anuas air an gcaiteachas thuasluaite, leagtar amach sa table thíos an caiteachas a rinneadh le teaghlaigh Gaeltachta go príomhá faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ó 2013 go 2017: 

20132014201520162017
Co. Dhún na nGall€629,770€624,682€698,015€790,821€808,400
Co. Mhaigh Eo€311,050€267,793€289,900€278,909€279,125
Co. na Gaillimhe€2,199,580€2,023,208€2,182,879€2,283,357€2,281,167.50
Co. Chiarraí€365,220€290,635€321,807€412,957€396,852.50
Co. Chorcaí€106,337€89,255€81,638€83,833€76,860
Co. Phort Láirge€83,021€76,097€85,577€105,604€124,075
Co. na Mí€62,092€56,924€57,617€49,400€50,600
Co. an Chláir€15,685€16,480€9,997€8,925€4,340
IOMLÁN€3,772,755€3,445,074€3,727,430€4,013,806€4,021,420

Maidir leis an an gcóras pleanála teanga, íocadh na suimeanna sa table thíos le hÚdarás na Gaeltachta le dáileadh mar ba chuí sna contaetha éagsúla:

BliainÚdarás na Gaeltachta
2014€20,000
2015€259,875
2016€340,125
2017€735,000
Iomlán€1,355,000

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.