Written answers
Tuesday, 16 January 2018
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Scéim na gCúntóirí Teanga
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
1844. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cathain a fhoilseofar torthaí an athbhreithnithe a rinne an Rialtas ar éifeachtacht scéim na gcúntóirí teanga chun fiosrú a dhéanamh ar an bhféidearthacht atá ann do leathnú agus do sheirbhís ar chaighdeán níos airde, a bhí le tosú ó Ráithe 4 2017 de réir an pholasaí don Oideachas Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [54819/17]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
D’fhonn Scéim na gCúntóirí Teanga a threisiú i gcomhthéacs chur bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta agus an phróisis pleanála teanga mar atá leagtha amach faoi Acht na Gaeltachta, 2012, tá mo Roinn chun tabhairt faoi Athbhreithniú ar an scéim.
Tá bailchríoch á cur i láthair na huaire leis an obair chun Iarratas ar Thairiscintí a réiteach, i gcomhar leis an Oifig um Sholáthar Rialtais, ar mhaithe le sainchomhairleoirí a fhostú chun tabhairt faoi athbhreithniú cuimsitheach ar an Scéim. Táthar ag súil go bhfoilseofar an tIarratas ar Thairiscintí sna seachtainí amach romhainn.
No comments