Written answers

Tuesday, 16 January 2018

Department of Agriculture, Food and the Marine

Scéimeanna Talmhaíochta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1133. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a dhéanfar íocaíocht faoin scéim buníocaíochtaí agus faoi scéim na limistéar faoi shrianta nádúrtha le duine (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe; cén fáth a bhfuil moill leis an íocaíocht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [54446/17]

Photo of Michael CreedMichael Creed (Cork North West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chuir an té atá ainmnithe iarratais isteach faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí 2017 (BPS) agus faoi Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha (ANC) an 16 Márta 2017.

Léiríodh i litir dar dáta an 6 Nollaig 2017 a seoladh chuig an té atá ainmnithe gur lasadh píosaí talún a bhí fógartha aige ar a iarratas BPS agus dá bhrí sin nach raibh sé i dteideal íocaíochta faoin BPS. Léiríodh sa litir chomh maith na roghanna a bhí aige ina dhiaidh sin lena n-áirítear go raibh sé de cheart aige athbhreithniú a lorg. Má lorgaíonn an té atá ainmnithe athbhreithniú, ba chóir dó a chinntiú go gcuireann sé aon cháipéisí tacaíochta a mheasann sé a bheith tábhachtach isteach. Déanfaidh mo Roinnse na cáipéisí sin a athbhreithniú dá réir sin.

Tá Iarratais 2017 i leith na nÍocaíochtaí atá i gceist próiseáilte ag mo Roinnse, faoi na scéimeanna BPS agus ANC, gan na píosaí talún atá neamhcháilithe san áireamh, agus rinneadh na híocaíochtaí sin a íoc isteach sa chuntas bainc a bhí ainmnithe ag an duine ainmnithe dá réir sin an 14 agus an 19 Nollaig faoi seach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.