Written answers

Tuesday, 12 December 2017

Department of Education and Skills

Oideachas trí Ghaeilge

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

180. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil sé ar intinn ag a roinn beartas forbartha don Ghaeloideachas lasmuigh den Ghaeltacht a chruthú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [52992/17]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mo Roinn, trí thionscnaimh éagsúla, ag cur na Gaeilge chun cinn sa chóras oideachais agus ag tacú leis an gcóras Gaeloideachais. Tá an Roinn ag rannchuidiú le roinnt gníomhaíochtaí sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge rud a léiríonn tiomantas na Roinne sa réimse seo. Tugadh isteach curaclam nua don Ghaeilge ar leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile. Leagtar béim sa dá cheann acu seo ar an gcur chuige cumarsáideach maidir le cur chun cinn cumas agus inniúlachtaí na ndaltaí sa teanga thar réimse leathan ábaltachtaí ó fhoghlaimeoirí Gaeilge go cainteoirí dúchais. Anuas air sin, faoin bPolasaí ar Oideachas Gaeltachta 2017-2022 tá pacáiste saincheaptha tacaí curtha i dtoll a chéile ag mo Roinn chun tacaíocht a thabhairt do scoileanna Gaeltachta, lena n-áirítear bearta chun soláthar múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge a fheabhsú.

Níl aon phlean ann chun beartas ar leithligh a leagan amach don ghaeloideachas. Tá mé cinnte, mar sin féin, go léiríonn na forbairtí a luadh thuas tiomantas leanúnach mo Roinne d’fhonn an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud an chórais oideachais agus i dtreo tacaíocht a thabhairt don Ghaeloideachas.

Beidh tionchar dearfach ag cur chun cinn na ngníomhaíochtaí atá sa Bheartas ar Oideachas Gaeltachta 2017-2022 maidir leis an soláthar ginearálta don Ghaeloideachas. Tá mo Roinn tar éis a bheith ag obair go dlúth leis an Oifig um Sholáthar Rialtais d’fhonn iarratas ar thairiscintí a fhorbairt ar dhearadh, forbairt agus seachadadh céim nua san oideachas trí mheán na Gaeilge, Baitsiléir in Oideachas (B.Ed.) don bhunmhúinteoireacht agus céim mháistreachta san Oideachas Gaeilge agus Gaeltachta (M.Ed.) d’fhonn scileanna nua a theagasc do mhúinteoirí agus príomhoidí atá ann cheana. Tá an t-iarratas ar thairiscintí le foilsiú go luath agus táthar ag súil le go dtosóidh an M.Ed. i mí Mheán Fómhair 2018, agus tá an B.Ed. le tosú ó mhí Mheán Fómhair 2019 i leith. Táthar ag súil le go bhfeabhsóidh céimithe ar na cúrsaí seo soláthar múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile atá in ann ardcháilíocht oideachais trí mheán na Gaeilge a sheachadadh. Tá dhá phost breise múinteoireachta arna soláthar don chlár um Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas in Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh chun méadú a dhéanamh ar líon na múineoirí iar-bhunscoile atá in ann réimse ábhar a mhúineadh trí mheán na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.