Written answers
Thursday, 7 December 2017
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Bord Údarás na Gaeltachta
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
305. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén uair a ainmneofar comhaltaí ar Bhord Údarás na Gaeltachta ag tógáil san áireamh an phráinn a bhaineann leis seo ó tharla nach féidir aon chruinniú den bhord a eagrú go dtí go n-ainmneofar na comhaltaí agus ó tharla go bhfuil tograí coinnithe siar dá bharr. [52369/17]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá an próiseas chun bord nua a cheapadh do Údarás na Gaeltachta nach mór thart. Tá ainmniúchán gach Comhairle Contae atá ábhartha faighte (Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh agus Ciarraí) agus tá socruithe idir lámha ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS) chun na hiarratais a fuarthas a bhreithniú faoi réir na ndea-chleachtas cuí.
Nuair a bheidh sé sin déanta an tseachtain seo chugainn, cuirfidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí liosta d'iarratasóirí cáilithe ar aghaidh chugam chun críche breithnithe agus fógrófar comhdhéanamh an bhoird nua go poiblí ar shuíomh idirlín mo Roinne chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin.
Agus an bord nua ceaptha, beidh sé de chúram ar Údarás na Gaeltachta na socruithe a dhéanamh dá chéad chruinniú.
No comments