Written answers

Tuesday, 28 November 2017

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Foireann Roinne

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

302. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair nach bhfuil lonnaithe sa Ghaeltacht; cé mhéid de na poist sin (lasmuigh den Ghaeltacht) atá daingnithe nó aitheanta ag an Roinn (i scéim teanga, nó ar aon bhealach eile) mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; cé mhéid duine atá ann ag a bhfuil cumas oibre i nGaeilge agus atá ag feidhmiú sna poist ar leith sin (lasmuigh den Ghaeltacht) a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé beartaithe ag an tráth seo aon phost eile de chuid na Roinne lasmuigh den Ghaeltacht a aithint mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo [50527/17]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

303. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéid folúntas a líonadh in oifigí de chuid na Roinne lasmuigh den Ghaeltacht ó thús na bliana seo; cé mhéid de na folúntais áirithe sin a bhain le poist a bhí sainaitheanta mar phoist a raibh Gaeilge riachtanach ina leith; cé mhéid folúntas atá le líonadh in oifigí de chuid na Roinne lasmuigh den Ghaeltacht faoi láthair agus cé mhéid díobh siúd atá sainaitheanta mar fholúntais a bhfuil riachtanas Gaeilge ag dul leo. [50528/17]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

304. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén líon iomlán foirne atá fostaithe in oifigí de chuid na Roinne sa Ghaeltacht faoi láthair; cé mhéid folúntas a líonadh sna hoifigí sin sa Ghaeltacht ó thús na bliana seo; cé mhéid folúntas atá le líonadh in oifigí de chuid na Roinne sa Ghaeltacht faoi láthair. [50529/17]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 302 to 304, inclusive, together.

Tá curtha in iúl dom go bhfuil 57 duine ag obair i Rannán Gaeltachta na Roinne, inarb í an Ghaeilge an teanga oibre go fóill.  Ó mhí Eanáir na bliana seo, rinneadh deich bpost a líonadh i Rannán na Gaeltachta, agus tá ceann amháin go fóill le líonadh.  Chomh maith leis sin, dúradh liom gur líonadh 65 post in oifigí na Roinne taobh amuigh de Ránnán na Gaeltachta.  Tá ceann amháin de na poist sin, post mar Oifigeach Preasa, sainaitheanta ag an Roinn mar cheann a bhfuil cumas sa Ghaeilge riachtanach dó.  D’fhéach an Roinn leis an phost a líonadh tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, ach in ainneoin cuardach mion a dhéanamh, ní raibh an tSeirbhís in ann iarrthóir dátheangach a chur ar fáil. Tá an post líonta anois le duine nach cainteoir Gaeilge í, ach tá 3 cainteoirí líofa Gaeilge ag obair sa Phreasoifig agus iad go léir in ann feidhmiú mar Phreasoifigigh Cúnta nuair is gá.

Tá sé ráite liom go bhfuil 612 duine fostaithe faoi láthair sa Roinn taobh amuigh de rannán na Gaeltachta. 

Tá na poist seo a leanas (taobh amuigh den Ghaeltacht) ainmnithe i scéim teanga mo Roinne mar phoist a bhfuil cumas Gaeilge riachtanach dóibh

Teideal an PhoistLáthair
Gach postOifig an Aire Stáit
Preasoifigeach & Preasoifigeach CúntaSráid Chill Dara
Treoraí OideachaisPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha

Tá Gaeilge líofa ag an fhoireann go léir i m’Oifigse agus ag roinnt mhaith den fhoireann i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, an Treoraí Oideachais ina measc.

Is é polasaí mo Roinne úsáid na Gaeilge a chur chun cinn ar bhonn náisiúnta agus í a neartú sa Ghaeltacht agus tá sé mar aidhm againn a chinntiú go bhfuil líon dóthanach de m’fhoireann lánábalta feidhmiú i nGaeilge.  Tacaíonn an Roinn le baill foirne ar bhonn leanúnach le feabhas a chur ar a gcuid scileanna Gaeilge ag gach leibhéal cumais. Mar shampla, cuireann an Roinn an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil chun cinn go gníomhach. Clár páirtaimseartha atá ann a chuireann Gaelchultúr ar fáil chun cuidiú le fostaithe san earnáil phoiblí leibhéal níos airde seirbhíse do chustaiméirí a chur ar fáil i nGaeilge. 

Tá mé sásta go bhfuil go leor ball foirne ag na gráid iomchuí le gnó na Roinne a chur i gcrích go héifeachtach i nGaeilge agus i mBéarla araon.  Déantar athbhreithniú leanúnach ar na leibhéil soláthair foirne ar fud na Roinne de réir na riachtanas gnó, mar a léirítear i bPlean Fórsa Saothair na Roinne, agus ag féachaint do pholasaí an Rialtais maidir le pá san earnáil phoiblí de réir chomhairle ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. 

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.