Written answers

Tuesday, 28 November 2017

Department of Justice and Equality

Foireann Roinne

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

290. To ask the Tánaiste and Minister for Justice and Equality cén líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéid post atá daingnithe nó aitheanta ag an Roinn (i scéim teanga, nó ar aon bhealach eile) mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; cé mhéid duine atá ann ag a bhfuil líofacht i nGaeilge agus atá ag feidhmiú sna poist sin atá daingnithe no aitheanta mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé beartaithe ag an tráth seo aon phost eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge. [50686/17]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

291. To ask the Tánaiste and Minister for Justice and Equality cé mhéid folúntas a líonadh ina Roinn ó thús na bliana seo; cé mhéid de na folúntais sin a bhain le poist a bhí sainaitheanta mar phoist a raibh Gaeilge riachtanach ina leith; cé mhéid folúntas atá le líonadh faoi láthair agus cé mhéid de na folúntais siúd atá sainaitheanta mar fholúntais a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo. [50703/17]

Photo of Charles FlanaganCharles Flanagan (Laois, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 290 and 291 together.  

Is é líon na bhfolúntas a líonadh i mo Roinn ó thosach na bliana ná 549 bhfolúntas. Cuimsítear sa líon sin fruilithe nua, arduithe céime agus aistrithe isteach sa Roinn. Ina theannta sin, tá amach is isteach le 55 fholúntas sa Roinn atá le líonadh fós. Ní dhearnadh aon cheann de na folúntais a shainaithint mar fholúntais a raibh riachtanas Gaeilge ag baint leo. Déanann an t-aonad Acmhainní Daonna i mo Roinn an próiseas pleanála fórsa oibre a bhainistiú, lena sainaithnítear riachtanais foirnithe sa todhchaí. Faoi láthair, níl aon phleananna ann aon phoist bhreise a aithint a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo.

Ag an tráth seo, tá 2,318 ball foirne fostaithe i mo Roinn. Tá post amháin ag an Roinn, post Aistritheora, a bhfuil sé riachtanach go mbeadh an sealbhóir dátheangach go feidhmiúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Is é príomhról an Aistritheora Rialacha Cúirte a aistriú go Gaeilge. Ina theannta sin, tá cohórt de 39 oifigeach sa Roinn atá ar fáil chun seirbhísí a sholáthar (i.e. ceisteanna agus fiosruithe a fhreagairt) i nGaeilge. 

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.