Written answers

Tuesday, 28 November 2017

Department of Education and Skills

Foireann Roinne

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

219. To ask the Minister for Education and Skills cén líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéid post atá daingnithe nó aitheanta ag an Roinn (i scéim teanga, nó ar aon bhealach eile) mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; cé mhéid duine atá ann ag a bhfuil líofacht i nGaeilge agus atá ag feidhmiú sna poist sin atá daingnithe no aitheanta mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé beartaithe ag an tráth seo aon phost eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge. [50680/17]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

220. To ask the Minister for Education and Skills cé mhéid folúntas a líonadh ina Roinn ó thús na bliana seo; cé mhéid de na folúntais sin a bhain le poist a bhí sainaitheanta mar phoist a raibh Gaeilge riachtanach ina leith; cé mhéid folúntas atá le líonadh faoi láthair agus cé mhéid de na folúntais siúd atá sainaitheanta mar fholúntais a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo. [50697/17]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 219 and 220 together.

Is iad seo a leanas na ceapacháin agus ardú céimeanna sa Roinn Oideachais agus Scileanna go dtí seo i 2017:

Ardú Céimeanna

GrádUimhir
Príomh Cigire Cúnta1
Roinn Cigire4
Ard Siceolaí Oideachais1
Rúnaí Cúnta2
Príomh Oifigeach2
Leas Príomh Oifigeach7
Ard Oifigeach Feidhmiúcháin  19
Oifigeach Riaracháin2

Ceapacháin

GrádUimhir
Leas Príomh Cigire1
Cigire Luachblianta4
Roinnchigire Bunscoile4
Cigire Iar- bhunscoile1
Síceolaí Oideachais27
Staitisteoir1
Innealtóir Grád 11
Ailtire1
Priomhoifigeach2
Priomhoifigeach Cúnta0
Ard Oifigeach Feidhmiúcháin 4
Oifigeach Riaracháin4
Oifigeach Feidhmiúcháin12
Oifigeach Cléireachais41
Glantóir2

Faoi láthair tá 1,300 nó mar sin duine fostaithe inson Roinn Oideachais agus Scileanna.

Is iad na príomhghráid sa Roinn atá gafa le seirbhísí a sheachadadh ar phobal na Gaeilge ná na gráid a bhaineann le cigireacht na scoileanna agus le soláthar na seirbhísí síceolaíochta oideachais a chuireann An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais ar fáil do scoileanna i gceantair Ghaeltachta agus do Ghaelscoileanna. Tá 24 síceolaí oideachais sa tSeirbhís faoi láthair atá inniúil sa Ghaeilge agus a chuireann a gcuid seirbhísí proifisiúnta ar fáil trí Ghaeilge. Tá 51 cigire i Rannán Chigireacht na Scoileanna ag an mbunleibhéal agus tá 48 díobh seo freagrach as scoileanna ina múintear an siollabas trí Ghaeilge. Tá 11 de na cigirí seo freagrach as scoileanna Gaeltachta mar go bhfuil na scoileanna sin mar chuid den cheantar acu. Ag an mbunleibhéal is speisialtóirí in ábhar-réimsí na cigirí den chuid is mó. Cuireann foireann na cigireachta iar-bhunleibhéal a cuid seirbhísí ar fáil chomh maith do scoileanna ina múintear an curaclam trí Ghaeilge. Faoi láthair tá dóthain de bhaill foirne proifisiúnta ann atá inniúil sa Ghaeilge chun seirbhísí proifisiúnta a sheachadadh do na scoileanna i gceist.

I mí Éanair 2017 bunaigh mo Roinn Aonad nua An tAonad um Oideachas Gaeltachta. Tá ceathrar ag obair ann is tá siad go léir líofa í nGaeilge. I dteannta sin tá líon oifigigh riaracháin atá ábalta plé le fiosrucháin trí mhéan na Gaeilge".

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.