Written answers

Tuesday, 28 November 2017

Department of Public Expenditure and Reform

Foireann Roinne

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

152. To ask the Minister for Public Expenditure and Reform cén líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéid post atá daingnithe nó aitheanta ag an Roinn (i scéim teanga, nó ar aon bhealach eile) mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; cé mhéid duine atá ann ag a bhfuil líofacht i nGaeilge agus atá ag feidhmiú sna poist sin atá daingnithe no aitheanta mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé beartaithe ag an tráth seo aon phost eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge. [50687/17]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

153. To ask the Minister for Public Expenditure and Reform cé mhéid folúntas a líonadh ina Roinn ó thús na bliana seo; cé mhéid de na folúntais sin a bhain le poist a bhí sainaitheanta mar phoist a raibh Gaeilge riachtanach ina leith; cé mhéid folúntas atá le líonadh faoi láthair agus cé mhéid de na folúntais siúd atá sainaitheanta mar fholúntais a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo. [50704/17]

Photo of Paschal DonohoePaschal Donohoe (Dublin Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 152 and 153 together.

Tá 418 baill foirne fostaithe ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe faoi láthair agus tá 4 baill foirne breise le tosnú ag obair leis an Roinn roimh dheireadh Mhí na Nollag, rud a chiallaíonn go mbeidh 422 baill foirne ag an Roinn. Thosaigh 100 baill foirne leis an Roinn i mbliana, agus tháinig a bhformhór mar chomharba ar an bhfoireann láithreach. Thosaigh 29 den fhoireann nua sa Roinn ar ghráid oibre a raibh coibhéiseach leis an ngrád a raibh acu san áit ina raibh siad ag obair. Níor bhain inniúlacht sa Ghaeilge mar riachtanas le folúntas ar bith i mbliana.

Faoin gCairt Chustaiméirí agus faoin bPlean Gnímh, tá an Roinn tiomanta le freastal ar gach chustaiméir ar mhian leo gnó a dhéanamh linn trí mheán na Gaeilge. Mar thoradh ar réimse oibre na Roinne, níl ardleibhéal teagmhála againn leis an bpobal nó ní chuireann an Roinn seirbhísí nó scéimeanna ar fáil go díreach do dhaoine den phobal. Cuirtear na seirbhísí ón Roinn ar fáil trí mheán an Bhéarla den chuid is mó, agus cuirtear seirbhísí teoranta ar fáil go dátheangach. Mar sin, níl aon ról aitheanta mar ról ina mbíonn inniúlacht sa Ghaeilge mar riachtanas. Tá liosta de dhaoine atá inniúil sa Ghaeilge a chothabháil ag an Roinn agus cuidíonn siad leis na seirbhísí seo a chur ar fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.