Written answers
Tuesday, 28 November 2017
Department of Defence
Foireann Roinne
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
744. To ask the Taoiseach and Minister for Defence cén líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéid post atá daingnithe nó aitheanta ag an Roinn (i scéim teanga, nó ar aon bhealach eile) mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; cé mhéid duine atá ann ag a bhfuil líofacht i nGaeilge agus atá ag feidhmiú sna poist sin atá daingnithe no aitheanta mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé beartaithe ag an tráth seo aon phost eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge [50679/17]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
745. To ask the Taoiseach and Minister for Defence cé mhéid folúntas a líonadh ina Roinn ó thús na bliana seo; cé mhéid de na folúntais sin a bhain le poist a bhí sainaitheanta mar phoist a raibh Gaeilge riachtanach ina leith; cé mhéid folúntas atá le líonadh faoi láthair agus cé mhéid de na folúntais siúd atá sainaitheanta mar fholúntais a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo. [50696/17]
Paul Kehoe (Wexford, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
I propose to take Questions Nos. 744 and 745 together.
Bhí 348 ball foirne i mo Roinn an 31 Deireadh Fómhair 2017. 33 an líon iomlán folúntas atá líonta i mo Roinn go dtí seo in 2017. 7 bhfolúntas ar fad atá fós le líonadh.
Níl aon phost laistigh de mo Roinn atá aitheanta mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis agus níl sé beartaithe aon phost a aithint sa Roinn mar phost a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leis. Is beag caidreamh a bhíonn ag an Roinn leis an bpobal agus mar sin is beag éileamh atá ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge. Mar a fhoráiltear i Scéim Gaeilge reatha agus roimhe seo na Roinne, baineann an Roinn úsáid as grúpa pearsanra a cuireadh le chéile ar bhonn deonach chun cabhrú le Brainsí na Roinne seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge agus chun idirghníomhú le custaiméirí más gá. Déantar athbhreithniú leanúnach ar an ngrúpa deonach seo.
No comments