Written answers

Tuesday, 28 November 2017

Department of Housing, Planning, and Local Government

Foireann Roinne

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

730. To ask the Minister for Housing, Planning, and Local Government cén líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéid post atá daingnithe nó aitheanta ag an Roinn (i scéim teanga, nó ar aon bhealach eile) mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; cé mhéid duine atá ann ag a bhfuil líofacht i nGaeilge agus atá ag feidhmiú sna poist sin atá daingnithe no aitheanta mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé beartaithe ag an tráth seo aon phost eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge [50685/17]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

731. To ask the Minister for Housing, Planning, and Local Government cé mhéid folúntas a líonadh ina Roinn ó thús na bliana seo; cé mhéid de na folúntais sin a bhain le poist a bhí sainaitheanta mar phoist a raibh Gaeilge riachtanach ina leith; cé mhéid folúntas atá le líonadh faoi láthair agus cé mhéid de na folúntais siúd atá sainaitheanta mar fholúntais a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo. [50702/17]

Photo of Eoghan MurphyEoghan Murphy (Dublin Bay South, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 730 and 731 together.

Tá 651 fostaithe i mo Roinn ar bhonn coibhéiseach lánaimseartha, agus níl éinne acu i bpost atá ainmnithe le riachtanas Gaeilge faoi leith.  Tá 57 ball foirne nua earcaithe in iomláine trasna na grádanna éagsúla i mbliana. 

Mar chuid dá Phleanáil d’Fhórsa Saothair, rinne mo Roinn imscrúdú ar líon na bpost ina bhfuil inniúlacht faoi leith sa Ghaeilge ag teastáil.  Fuarthas nach bhfuil poist den chineál sin sa Roinn, ag an am seo, agus dá bhrí sin níl aon phoist faoi leith ainmnithe le riachtanas dátheangach.  Tá é seo tugtha le fios don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.  Mar chuid de phleanáil leanúnach d’fhórsa saothair, déantar monatóireacht agus athbhreithniú ar an gcás ar bhonn rialta.

Tá roinnt d’fhoireann na Roinne faoi láthair áfach atá inniúil ar a chuid nó a cuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus is féidir na baill seo a dhíriú chuig réimsí oibre faoi leith ina bhfuil gá le Gaeilge agus / nó Béarla nuair is gá. Leanfaidh mo Roinn ag soláthar deiseanna do bhaill foirne a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú trí oiliúint teanga ag leibhéil éagsúla a chur ar fail.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.