Written answers

Tuesday, 28 November 2017

Department of Employment Affairs and Social Protection

Foireann Roinne

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

679. To ask the Minister for Employment Affairs and Social Protection cén líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéid post atá daingnithe nó aitheanta ag an Roinn (i scéim teanga, nó ar aon bhealach eile) mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; cé mhéid duine atá ann ag a bhfuil líofacht i nGaeilge agus atá ag feidhmiú sna poist sin atá daingnithe no aitheanta mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sí beartaithe ag an tráth seo aon phost eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge. [50681/17]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

680. To ask the Minister for Employment Affairs and Social Protection cé mhéid folúntas a líonadh ina Roinn ó thús na bliana seo; cé mhéid de na folúntais sin a bhain le poist a bhí sainaitheanta mar phoist a raibh Gaeilge riachtanach ina leith; cé mhéid folúntas atá le líonadh faoi láthair agus cé mhéid de na folúntais siúd atá sainaitheanta mar fholúntais a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo. [50698/17]

Photo of Regina DohertyRegina Doherty (Meath East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 679 and 680 together.

Tá mo Roinn tiomanta do sheirbhís do chustaiméirí ar ardchaighdeán a sholáthar i nGaeilge agus i mBéarla. Tá Scéim Teanga 2015 - 2018 na Roinne i bhfeidhm ón 16 Márta 2015 agus beidh feidhm léi ar feadh tréimhse trí bliana nó go dtí go ndeimhneoidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Scéim nua. Tá an Scéim sin, ina leagtar síos tiomantais na Roinne do sheirbhís do chustaiméirí i nGaeilge agus a thugann eolas faoi na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge, foilsithe ar shuíomh gréasáin mo Roinne .

Táim sásta go bhfuil dóthain foirne againn in áiteanna i láthair na huaire chun freagra a thabhairt ar iarratais chun seirbhísí na Roinne a sheachadadh trí Ghaeilge. I gcás ina dtagann folúntas chun cinn in áit ina bhfuil gá le feidhm dhátheangach, féachann mo Roinn leis an bhfolúntas sin a líonadh ó phainéil arna mbunú ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

Tá cuntas sa tábla thíos ar an bhfaisnéis atá á lorg ag an Teachta Dála:

An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí Iomlán
Foireann reatha6382
Poist a líonadh in 2017444
Poist a líonadh in 2017 áit ar aithníodh líofacht sa Ghaeilge mar riachtanas2
Folúntais le líonadh faoi láthair  176
Folúntais atá le líonadh faoi láthair áit ar aithníodh líofacht sa Ghaeilge mar riachtanas1

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.