Written answers

Tuesday, 28 November 2017

Department of An Taoiseach

Foireann Roinne

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

89. To ask the Taoiseach cén líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéid post atá daingnithe nó aitheanta ag an Roinn (i scéim teanga, nó ar aon bhealach eile) mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; cé mhéid duine atá ann ag a bhfuil líofacht i nGaeilge agus atá ag feidhmiú sna poist sin atá daingnithe no aitheanta mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé beartaithe ag an tráth seo aon phost eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge. [50689/17]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

90. To ask the Taoiseach cé mhéid folúntas a líonadh ina Roinn ó thús na bliana seo; cé mhéid de na folúntais sin a bhain le poist a bhí sainaitheanta mar phoist a raibh Gaeilge riachtanach ina leith; cé mhéid folúntas atá le líonadh faoi láthair agus cé mhéid de na folúntais siúd atá sainaitheanta mar fholúntais a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo. [50706/17]

Photo of Leo VaradkarLeo Varadkar (Dublin West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 89 and 90 together.

Baineann príomhobair mo Roinne le hobair an Rialtais agus pléimid den chuid is mo le ranna agus gníomhaireachtaí rialtais eile. Mar thoradh air sin, ní bhíonn éileamh mór ón phobal ar sheirbhísí i nGaeilge.

Tá coibhéis lánaimseartha 196.1 ball foirne fostaithe i mo Roinn faoi láthair. Tá sé tugtha le fios ag roinnt den fhoireann i mo Roinn go bhfuil roinnt Gaeilge acu agus go bhfuil an inniúlacht acu réimse seirbhísí a chur a fáil trí Ghaeilge. Ina measc, tá beirt beirt oifigeach atá ardlíofa i nGaeilge – duine i m’Oifig Phríobháideach agus duine i bPreasoifig an Rialtais – atá ainmnithe chun seirbhísí a chur ar fáil don phobal i nGaeilge faoi Scéim Teanga 2016-2019 mo Roinne.

Is leor an méid sin post ainmnithe chun freastal ar an éileamh atá ann ar sheirbhísí Gaeilge.

Earcaíodh 30 duine ag mo Roinn go dtí seo in 2017 tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Ba ó phainéil Gaeilge a tháinig beirt acu sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.