Written answers

Tuesday, 28 November 2017

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

468. To ask the Minister for Health cén líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéid post atá daingnithe nó aitheanta ag an Roinn (i scéim teanga, nó ar aon bhealach eile) mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; cé mhéid duine atá ann ag a bhfuil líofacht i nGaeilge agus atá ag feidhmiú sna poist sin atá daingnithe no aitheanta mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé beartaithe ag an tráth seo aon phost eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge. [50684/17]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

469. To ask the Minister for Health cé mhéid folúntas a líonadh ina Roinn ó thús na bliana seo; cé mhéid de na folúntais sin a bhain le poist a bhí sainaitheanta mar phoist a raibh Gaeilge riachtanach ina leith; cé mhéid folúntas atá le líonadh faoi láthair agus cé mhéid de na folúntais siúd atá sainaitheanta mar fholúntais a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo. [50701/17]

Photo of Simon HarrisSimon Harris (Wicklow, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose to take Questions Nos. 468 and 469 together.

Tá rún daingean ag mo Roinn a chinntiú gur féidir freastal a mhéid is féidir ar chustaiméirí ar mian leo a gcuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Ba é 433 dhuine an líon iomlán daoine, mar Choibhéis Lánaimseartha, a bhí ag obair sa Roinn ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2017. Den líon sin, tá seachtar ball foirne, nó beagnach 2%, in ann a gcuid dualgas a chur i gcrích sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon. Tugtar freagra sa Ghaeilge ar an gcomhfhreagras ar fad a sheoltar chuig an Roinn sa Ghaeilge agus cuirtear aon cheisteanna teileafóin ar aghaidh chuig duine de na baill foirne atá inniúil sa Ghaeilge.

Luaitear sa Scéim Teanga 2015-2018 ón Roinn Sláinte go sainaithneoidh an Roinn aon phoist dá bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge ina riachtanas. Shainaithin an Roinn post amháin den sórt sin agus cheap sí ball foirne chuig an ról ina dhiaidh sin. Níl aon fholúntais ar fáil faoi láthair maidir le poist ina bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge ag teastáil.

Is é beartas na Roinne leibhéal agus cáilíocht na seirbhíse reatha trí mheán na Gaeilge a choinneáil ar bun.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.