Written answers

Thursday, 16 November 2017

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí Oileán

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

138. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén uair a lorgófar léirithe spéise agus tairiscintí don tseirbhís lastais go dtí Oileáin Árann; cé a dhéanfaidh meastóireacht ar na tairiscintí; cé mhéid ama a bheidh ag lucht tairiscinte tairiscintí a chur isteach tar éis an fógra tairiscinte a bheith foilsithe; an mbeidh rogha ann ó thaobh calaphoirt do na seirbhísí seo de; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [48535/17]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh mo Roinn ag tabhairt faoi phróiseas tairisceana maidir le seirbhís lastas d’Oileáin Árann go luath.  Cheana féin, tá céimeanna tógtha ag mo Roinn ina thaobh.  Ina measc, chuaigh sí i gcomhairle le hionadaithe ó na hoileáin d'fhonn a dtuairimí a fháil.  Fógrófar mionsonraí na tairisceana san Iarratas ar Thairiscintí a eiseofar in am trátha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.