Written answers

Tuesday, 14 November 2017

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Caiteachas Ranna

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

62. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an dóigh léi go bhfuil coibheas idir líon na dtograí a fuair deontais i nGaillimh agus i nDún na nGall le cúpla bliain anuas agus an Dáilcheantar arb as don Aire féin. [47915/17]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faigheann an Roinn líon mór iarratas gach bliain ar chúnamh faoina cuid scéimeanna Ghaeilge, Ghaeltachta agus oileánda, ina measc, iarratais ó ghrúpaí pobail agus ó údaráis áitiúla.  Sula gcuirtear moladh ina leith faoi bhráid an Aire Stáit déantar na hiarratais seo uile a bhreithniú go cúramach i gcomhréir le gach dea-chleachtais riaracháin, lena chinntiú go gcomhlíontar mar is cuí, na critéir ábhartha lena mbaineann an cás. 

I measc na gcritéar seo, ag brath ar an scéim i gceist, bíonn gá a chinntiú mar shampla go bhfuil cead pleanála in ord; go bhfuil riachtanas le hábhair an iarratais agus leis an gcúnamh atá iarrtha ina leith agus go bhfuil coiste iontaofa taobh thiar den togra. Bíonn gá féachaint chuige chomh maith ar ndóigh, ag brath ar an gcineál cáis atá i gceist, go bhfuil gnóthaí mar a bhaineann sé le soláthar poiblí in ord.

Tugtar cur síos cuimsitheach ar na critéir a gcuirtear san áireamh chun críche measúnaithe maidir le Scéim Áiseanna pPbail agus Teanga na Roinne san fhoirm iarratais ina Leith, a bhfuil teacht air ar shuíomh gréasáin na Roinne. 

Ós rud é gurb iad na ceantair Ghaeltachta Dhún na nGall agus na Gaillimhe an dá cheantar Gaeltachta is mó, bheifí ag súil leis go ginearálta go mbeadh cion níos mó trí chéile den infheistíocht a dhéantar faoi na scéimeanna thuasluaite á dhéanamh sna ceantair sin i gcomparáid leis na ceantair Ghaeltachta eile. Ní foláir a chur san áireamh, áfach, go mbraitheann an léargas ar an dáileadh seo ag aon uair faoi leith ar cibé punann tograí a bheadh ag dul tríd an bpróiseas thuasluaite ag aon phointe ama faoi leith.

Ní call a rá go ndéantar gach iarracht i gcaitheamh an ama chun féachaint chuige go mbaintear an leas is fearr is féidir ar son na Gaeltachta, na Gaeilge agus na n-oileán as an infheistíocht shuntasach a chuirtear ar fáil faoi na scéimeanna éagsúla a bhíonn á riaradh ag an Roinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.