Written answers

Tuesday, 14 November 2017

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

83. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Deontas Reáchtála Údarás na Gaeltachta agus go háirithe do Chomhlacht Forbartha an Spidéil, cén dul chun cinn atá déanta ó thaobh deontas reáchtála níos mó a thabhairt don chomhlacht seo, go háirithe agus an baol ann go ndúnfar iad faoi dheireadh na bliana gan árdú suntasach chun iad a choinneáil ar siúl; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47907/17]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuireann Údarás na Gaeltachta cúnamh reatha bliantúil i bhfoirm deontas reachtála ar fáil do na comharchumainn Ghaeltachta atá ag feidhmiú faoina scáth chun a gcláir fhorbartha a chur i bhfeidhm. Cuirtear an cúnamh seo ar fáil chun cabhrú leo a gcuid costais bainistíochta agus barrchostais eile a chlúdach.

Is as an soláthar airgid a chuirtear ar fáil go bliantúil d'Údarás na Gaeltachta faoi fhómhír C7 de Vóta mo Roinne a chuirtear na deontais reáchtála seo ar fáil. Sa chomhthéacs sin, ní miste dom a mheabhrú don Teachta go mbeidh maoiniú breise ar fiú €100,000 ar fáil don Údarás le cur i dtreo forbairt teanga, cultúir agus pobail sa Ghaeltacht in 2018. Is ionann sin agus cistíocht bhreise €350,000 san iomlán don Údarás i leith an réimse seo oibre thar dhá cháinaisnéis.

Ár ndóigh, ós rud é gur eagraíocht neamhspleách reachtúil í Údarás na Gaeltachta, tuigfidh an Teachta gur faoin eagraíocht féin atá sé breithniú a dhéanamh ar chonas an chistíocht a chur chun fónaimh i gcomhthéacs na gcúramaí atá sainithe di.

Maidir leis an gcomhlacht forbartha atá luaite ag an Teachta tuigim go bhfuil deontas reáchtála ar fiú €35,000 curtha ar fáil don comhlacht sin don bhliain reatha agus gur ionann sin agus ardú de €3,650 thar an allúntas a cuireadh ar fáil in 2016.

Tuigtear dom go bhfuil cruinniú beartaithe ag an Údarás leis an gcomhlacht an tseachtain seo le feidhmiú clár oibre 2017 agus gnóthaí airgeadais an chomhlachta a phlé.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.