Written answers

Tuesday, 7 November 2017

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Calafoirt agus Céanna

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

589. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh sí sonraí a sholáthar maidir leis an bpleanáil do thonnchosc i Machaire Rabhartaigh i gContae Dhún na nGall, an dtabharfaidh sí sonraí breise i dtaobh cén maoiniú atá ar fáil don staid phleanála den togra, cén uair a cheadaigh a roinn an maoiniú seo agus cén clár ama beacht atá ann maidir le dul chun cinn an togra seo, mar a comhaontaíodh le comhairle contae Dhún na nGall, ós rud é go bhfuil cead tugtha anois ag an roinn an togra a bhogadh ar aghaidh go dtí an staid phleanála; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [46161/17]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuairim is deich mbliana ó shin, ghlac oifigigh mo Roinne páirt i togra INTERREG, i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Forbartha Réigiúnda ó thuaidh agus Caledonian MacBrayne Ferries Ltd agus Caledonian Maritime Assets Ltd. in Alban, ar mhaithe le báid farantóireachta agus céanna a dhearadh d'oileáin beaga sna trí dlínse. Dearadh bád farantóireachta do Thoraí agus oibreacha feabhsúcháin do Ché Mhachaire Rabhartaigh le freastal ar an mbád sin mar chuid den togra sin. Tá obair ar bun laistigh de mo Roinn faoi láthair chun an gné áirithe sin den togra a thabhairt chun cinn arís. Ach an obair sin a bheith curtha gcríoch, beidh mo Roinn i dteagmháil le Comhairle Contae Dhún na nGall gan mhoill ag lorg cruinnithe chun an t-ábhar a phlé agus an chéad céim eile sa phróiseas pleanála don togra a aontú. San áireamh anseo, beidh athnuachan le déanamh ar na costais a measadh don togra deich mbliain ó shin agus miondearadh le déanamh ar an mbád agus ar an gcé. Bunófar coiste chomh maith le hionadaíocht ó phobal Thoraigh, ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall agus ó mo Roinn fhéin chun an togra a bhrú chun cinn.

Mar is gnáth le tograí móra caipitil a bhíonn á maoiniú ag mo Roinn, ceadófar maoiniú ina leith ag céimeanna éagsúla de na forbairtí, de réir mar is gá.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.