Written answers
Thursday, 19 October 2017
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Seirbhísí Farantóireachta
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
137. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén fáth, faoi na tairiscintí nua don tseirbhís farantóireachta chuig na hoileáin, ar féidir leis an gcomhlacht farantóireachta aon táillí calafoirt a ghearrfaidh an tÚdarás Áitiúil a ghearradh ar lucht úsáidte na seirbhíse; cén fáth nach bhfuil an Roinn sásta glacadh leis na táillí sin mar chostais inghlactha ón té atá ag déanamh tairiscintí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [44460/17]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Táim ag glacadh leis gur ag tagairt do na táillí atá leagtha síos ag Comhairle Chontae na Gaillimhe dóibh siúd a thagann i dtír ar bháid farantóireachta ag Cé Chill Rónáin, Árainn, atá an Teachta.
Mar gur táillí iad seo a thiteann ar úsáideoirí na cé seachas ar an gcomhlacht farantóireachta a bhailíonn iad ar son na Comhairle Chontae, ní féidir iad a áireamh d’fhonn fóirdheontas a fháil.
No comments