Written answers

Tuesday, 17 October 2017

Department of Children and Youth Affairs

Oideachas Gaeltachta

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

68. To ask the Minister for Children and Youth Affairs cén dul chun cinn atá déanta maidir le tacaíocht a chur ar fáil do na Naíonraí le cigireacht trí mheán na Gaeilge, de réir mar atá luaite sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta, 2017-2022. [43765/17]

Photo of Katherine ZapponeKatherine Zappone (Dublin South West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Rinne comhghleacaí de mo chuid, an tAire Oideachais agus Scileanna, an Polasaí don Oideachas Gaeltachta a fhoilsiú i 2016. Baineann mo fhreagra leis na Cigireachtaí Atá Dírithe ar An Oideachas sna Luathbhlianta den Roinn Oideachais agus Scileanna agus leis na Cigireachtaí Luathbhlianta déanta ag Tusla.

Cuireadh tús le múnla nua de Chigireacht Atá Dírithe ar Oideachas sna Luathbhlianta (EYEI) ar bhonn píolótach i 2015 i suímh luathbhlianta. Tar éis na trialach seo, tugadh faoi próiseas comhairliúcháin náisiúnta dírithe ar an gcreat meastóireachta agus ar próisis na cigireachta. I mí Aibreáin 2016, d’fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Scileanna an creat agus na próisis cigireachta mar an múnla EYEI, agus thug an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige agus an tAire Oideachais agus Scileanna faomhadh chun iad a chur i bhfeidhm.

Cuireadh tús le clár iomlán EYEI ar 14 Aibreán 2016. Faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2017, tá cigireacht déanta ar 20% (867) de na seirbhísí Luathbhlianta atá ag cur an chláir um Chúram agus Oideachas Luath-Óige (ECCE) ar fáil agus d’fhoilsigh breis agus 500 tuarascáil EYEI ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna. Rinneadh cigireacht trí mheán na Gaeilge ar 21 seirbhís den iomlán a rinneadh cigireacht orthu go dtí seo, sa Ghaeltacht den chuid is mó. I mí na Bealtaine 2017, cuireadh tús le hathbhreithniú foirmiúil den mhúnla EYEI agus d’eagraíodh seimineár poiblí chun na céad torthaí agus taithí an EYEI a roinnt le heagraíochtaí na bpáirtithe leasmhara. Sheol suirbhé comhairliúcháin chun deise a chur ar fáil do na seirbhísí luathbhlianta a rinneadh cigireacht orthu, agus do pháirtithe leasmhara níos leithne, aiseolas a thabhairt ar an múnla EYEI. Críochnóidh an próiseas comhairliúcháin ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2017 agus ullmhóidh cigireacht na Roinne Oideachais agus Scileanna tuarascáil chun bonn eolais a chur faoin athbhreithniú agus faoin bhforbairt den chigireacht atá dírithe ar an oideachas i seirbhísí luathbhlianta a bhfuil an clár ECCE á cur ar fáil acu.

Spreagann Cigireacht na Luathbhlianta i Tusla a cuid cigirí le bheith ag plé leis na Naíonraí trí mheán na Gaeilge go dtí leibhéal cumais an chigire, agus aithníonn Tusla go n-athraíonn an cumas seo. Tá cigire luathbhlianta a bhfuil Gaeilge líofa aige/aici á earcú go sonrach ag Tusla, le bheith ag plé go speisialta leis na Naíonraí agus chun lánchumarsáid trí Ghaeilge a chur ar fáil, comhfhreagras scríofa san áireamh. Lonnófar an chéad phost i nGaillimh.

Faoi láthair, aistríonn Tusla tuairiscí cigireachta nuair a iarrtar iad, agus tá Tusla tar éis réimse leathain de cháipéisí a aistriú don Chigireacht agus do na soláthraithe cláraithe, atá ar fáil ar an suíomh gréasáin. Más féidir go mbeadh tionchar ag cáipéis shuntasach ar na soláthraithe cláraithe, tá leagan Ghaeilge di ar fáil. I 2016 thug Tusla faoi shuirbhé leathan faoi thuairimí na soláthraithe cláraithe mar gheall ar an taithí atá acu leis an gCigireacht, agus cuireadh sin ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Pléann Tusla le grúpaí de na páirtithe leasmhara luathbhlianta agus tá ionadaí ag na Gaelscoileanna ar ghrúpa Chomhairleach na Cigireachta a chinntíonn go bhfuil béim curtha go leanúnach ar thacaíochtaí don Ghaeilge agus go bpléitear leo. Tá an Chigireacht tiomanta chun tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge san obair agus leanfaidh an Chigireacht chun feabhais a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.