Written answers

Thursday, 12 October 2017

Department of Education and Skills

Oideachas Gaeltachta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

77. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil i gceist aige pacáiste faoi leith a chur ar fáil do na meánscoileanna atá ag feidhmiú ar oileáin Árann mar atá iarrtha ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin; cén uair a dhéanfar cinneadh air sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [43265/17]

Photo of Richard BrutonRichard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aithníonn mo Roinnse an ról ríthábhachtach atá ag scoileanna na n-oileán i gcothabháil phobail agus chultúr na n-oileán, agus tá sé tiomanta go láidir do na scoileanna a choimeád ar na hoileáin. Is ar an gcúis sin agus mar aitheantas ar na dúshláin atá rompu go bhfuil tacaíocht bhreise á tabhairt cheana féin ag an Roinn do na scoileanna ar na hoileáin.

Tá na meánscoileanna ar Oileáin Árann sa Ghaeltacht. Tá sé mar aidhm ag Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 de chuid na Roinne tacaíocht a thabhairt d’úsáid na Gaeilge mar phríomhtheanga na bpobal Gaeltachta trí oideachas ardchaighdeáin trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil. Faoi choinníollacha an Pholasaí, tá acmhainní breise á soláthar do scoileanna Gaeltachta a bhfuil rogha déanta acu páirt a ghlacadh sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. I measc na n-acmhainní sin tá forbairt ghairmiúil leantach tiomnaithe (FGL), atá á cur ar fáil faoi láthair do scoileanna. Tá cuairteanna comhairleacha ón gCigireacht á gcur i bhfeidhm chomh maith cun tacú le pleanáil ghníomhaíochta na scoileanna chun caighdeán an tsoláthair oideachais trí Ghaeilge a neartú agus chun úsáid na Gaeilge sa phobal scoile a mhéadú. Cuirfear breis tacaíochta agus acmhainní ar fáil do scoileanna a bheidh ag glacadh páirte sa scéim in 2018, tar éis do phleananna gníomhaíochta na scoileanna a bheith faofa.

Níos luaithe i mbliana bhuail oifigigh ó mo Roinnse le hionadaithe ó ETB na Gaillimhe agus Ros Comáin agus ó ETB Dhún na nGall maidir leis na dúshláin a bhaineann le soláthar oideachais ar na hoileáin. Cuirfidh an Roinn na ceisteanna atá ardaithe ag na ETB anna san áireamh i gcomhthéacs an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 agus na n-éileamh iomaíoch ar na hacmhainní a bheidh ar fáil. I mBuiséad 2018, cuirfear níos mó ná €1 milliún ar fáil chun leanúint le feidhmiú céimneach an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 in 2018.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.